Tá
stair láidir ag an gCumann i gComórtas Peile na Gaeltachta ón tús. Bhí Michael Tom Ó Cualáin ar fhoireann Ghaeltacht Chonamara a bhuaigh an Craobh Náisiúnta i
1970 agus bhuaigh muid féin an Comórtas Sóisear i mBéal a’ Mhuirthid
i 1987. Bhíomar i gcluiche
ceannais an comórtas sinsir i 1993 i Rath Cairn ach bhuaigh Clochán
Fhaoile orainn le cheithre phointe. Níor
éirigh linn áit a bhaint amach arís sa gcomórtas náisiúnta go dtí
2001 nuair a bhuaigh muid an Comórtas áitiúil i ngrád na Sinsir don
chéad uair ó 1975. Bhain triúir ban ón gCumann comórtas an Chailín
Gaelach, b’iad sin Mairéad Ní Neachtain i 1987, Tríona Ní
Ráinne i 1991 agus Máire Áine Ní Iarnáin i 2002.
Máire
Áine Ní Iarnáin, An Cailín Gaelach 2002 ag caint le Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnacha
|