Bunaíodh
an Cumann i 1964 Dathanna
: DUBH agus BUÍ
Páirc
Bhaile: PÁIRC A'
MHÁIMÍN, LEITIR MÓIR
Torthaí 2010 Campa Samhradh 2010
Cluichí ar an deireadh seachtaine:
Dé Sathairn, 18 Meán Fómhair: Craobh Faoi 12 Naomh Anna 3-6 v 4-2 Béal Átha na Slua i mBéal Átha na Slua
Dé Domhnaigh, 19 Meán Fómhair: Sraith Faoi 12 Naomh Anna 2-6 v 7-14 An Spidéal ar an Spidéal
Dé Domhnaigh, 19 Meán Fómhair: Cluiche Ceannais na mBan Naomh Anna 2-15 v 6-9 Cealltrach i mBóthar na Trá
Dé Domhnaigh, 26 Meán Fómhair: Sraith Faoi 12 Naomh Anna 1-2 v 4-10 Cill Ainín ar an Máimín
Dé Domhnaigh, 26 Meán Fómhair: Craobh Sóisear C Naomh Anna 1-7 v 1-6 An Clochán i Ros a' Mhíl
Comórtas Tallaine: Dé hAoine, 22 Deireadh Fómhair 2010
Oscailte do Dhaoine Fásta agus d'Ógánaigh Faoi 18. Amhrán (Aonair nó i nGrúpa); Damhsa (Aonair nó i nGrúpa); Ceol Uirlise srl...... léigh tuilleadh faoi anseo
Íoslódáil an fhoirm iontrála anseo
‘Sparáil sa Spórtlann’ i gCeantar na nOiléan 2010
An bhfuil dúshlán nua uait? An bhfuil tú ag iarraidh fáil réidh leis an strus atá ort, cur le do fhéin-mhuinín agus a bheith aclaí?
Tá Cumann Peile Naomh Anna i gcomhar le Spórtlann Naomh Anna, Leitir Móir ag éagrú ‘White Collar Boxing’ i gCeantar na nOiléain, agus tá muid ag cuartú fir agus mná ar fud Chonamara a mbeadh suim acu é a dhéanamh...... léigh tuilleadh faoi anseo
Post Riaracháin
Tá folúntas ag Spórtlann Mhichael Mhóir do post riaracháin ..... léigh tuilleadh faoi anseo
Comhghairdeas leis Sarah Ní Loingsigh, le Cliodhna Ní Cheallaigh agus le foireann Faoi 18 na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann lena mbua ar Dhún na nGall i mBéal an Átha Mhóir, Co. Liatroim ar an Satharn, 24 Iúil. An scór deireadh Gaillimh 1-15 Dún na nGall 1-11. Ba í Sarah captaen na foirne

Captaen foireann Mionúir na Gaillimhe, Sarah Ní Loingsigh agus Cliodhna Ní Cheallaigh le Cóil Ó Ceallaigh sa Spórtlann nuair a thug Sarah Craobh na hÉireann abhaile ar an Satharn, 24 Iúil
Comhghairdeas leis an fhoireann Faoi 14 a bhuaigh Craobh an Chontae Roinn 2 lena mbua ar Bhaile Locha Ríoch i bPáirc an Phiarsaigh ar an Aoine, 23 Iúil. An scór deireadh Naomh Anna 0-15 Baile Locha Ríoch 3-5

Cathaoirleach Coiste Peile na nÓg, Tadhg Ó Conghaile, ag bronnadh Corn Craobh Faoi 14 an Chontae ar chaptaen Naomh Anna, Paddy Ó Flatharta
Seaimpíní Sraith F12D an Chontae 2010

Ina seasamh: Rebecca Nic Dhonnacha, Rachel Meaney, Megan Nic Dhonnacha, Clíona Ní Chonghaile, Kathleen Ní Lochlainn, Peggy Anna Ní Allúráin, Anna Nic Dhonnacha, Grace Ann Ní Mhurchú, Clíona Ní Laoi, Caoimhe Ní Cheallaigh, Samantha Ní Mhaolaleadh, Ríona Ní Fhlatharta, Ciera Seoige, Máire Nic Dhonnacha agus Cora Ní Loingsigh
Líne láir: Ciara Ní Ghríofa, Holly Anna Ní Cheallaigh, Kate Ní Cheallaigh, Emma Ní Dhomhnaill, Ciara Nic Dhonnacha, Bridgit Marie Nic Earghail, Mary Ann Nic Dhonnacha, Gráinne Nic Dhonnacha
Chun tosaigh: Saoirse Ní Dhomhnaill, Órnaith Nic Leoid, Annabel Ní Chonghaile, Sóirse Ní hÍcí, Shauna Seoighe, Michelle Ní Ógáin, Clíona Ní Chonghaile, Melissa Nic Dhonnnacha, Róisín Ní Mhocháin
As láthair: Áine Ní Chualáin, Megan Ní Lorcáin
Comhghairdeas le Niamh Ní Chualáin agus le foireann Faoi 14 na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann lena mbua ar Bhaile Átha Cliath i gCill Tuama, Ros Comáin ar an Satharn, 12 Meitheamh. An scór deireadh Gaillimh 4-9 Baile Átha Cliath 3-11.

Tá Niamh Ní Chualáin le feiceáil chun deireadh, an ceathrú cailín ó thaobh na láimhe deise (pictiúir ó Sportsfile)
Pictiúir ón gcluiche ceannais 2009
Tá Uath-dhífhibrileoir Seachtrach (AED) (Difibulator) lonnaithe le hais deasc an fháilteora ag Spórtlann Mhichael Mhóir sa Máimín i Leitir Móir. I gcás práinne ná dearmad, le do thoil, fios a chur ar na seirbhísí éigeandála ar dtús trí ghlaoch ar 999 (112 ar fón soghluaiste). Ansin glaoigh ar na huimhreacha seo don Fhreagróir áitiúil Dífhibrileora: 091-551961 nó 087-6733303
Da mba mhaith leat ríomhphost a fháil gach uair a chuirtear eolas breise
leis an suíomh seo
seol ríomhphost chugainn ag eolas@naomhanna.ie agus cuirfear ar an liosta tú.
"I seasca
ceathair sea cuireadh an síol
a d'fhás ar dtús mar bhláth,
's a lean ag leathnú amach gach treo
nó go ndearna brainsí breátha!
D'fháisc le chéile isteach mar chrann
nár facthas a leithéid cheana,
anois tá'n bratach dubh agus buí
ag 'speáint mórtas croí Naomh Anna"
píosa scríofa ag Ciarán Ó Fátharta
|