Riaracháin i Spórtlann Mhichael Mhóir
Is comhlacht de chuid Chumann Peile Naomh Anna é Spórtlann Naomh Anna Teo a reáchtálann an Spórtlann ar an Máimín le tacaíocht ón gClár Seirbhísí Pobail.
Tá folúntas le líonadh ag an gcomhlacht láithreach do dhuine amháin lánaimseartha (nó beirt páirtaimseartha) le cuidiú le riaradh na Spórtlainne don tréimhse idir seo agus deireadh an bliana. Beidh an comhlacht ag súil go gcuirfí síneadh leis an gClár Seirbhísí Pobail sa bhliain seo chugainn.
De réir rialacha an Chláir ní mór 70% Dona fostaithe a bheith comhdhéanta ó dhaoine (fir nó mná), óna grúpaí seo leanas: daoine dífhostaithe; tuismitheoirí aonair; daoine ag fáil sochar/cúnamh míchumais; daoine ar chúnamh leasa shóisialaigh nó daoine ar scéimeanna fostaíochta mar SFP, SST agus JI.
Tá an post seo maoinithe tré Chlár Seirbhísí Pobail de chuid na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta.
Má tá suim agat sa phost seo seol iarratas agus C.V. chuig:
Gearóid Ó Laoi, Bainisteoit, Spórtlann Naomh Anna Teoranta, Máimín, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe roimh 17:00 ar an Aoine, 17 Meán Fómhair 2010.
Is iad uaireanta oscailte na Spórtlainne ná ón 7.00 r.n. go dtí 10.00 i.n. Uimhir an Spórtlann: 091-551961
|