Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

Cúramaí Post an Bainisteoir

line decor
 
 
 
 

 

Bainisteoir ar Spórtlann Mhichael Mhóir

 

Beidh an Bainisteoir lonnaithe i Spórtlann Mhichael Mhóir ar an Máimín, Leitir Móir.  Beidh sé/sí freagrach do Choiste Stiúrtha agus freagrach ó lá go lá do Chathaoirleach an Choiste Stiúrtha.
Is iad príomhchúraimí an phoist ná:

  1. Feidhmiú mar Riarthóir ar an Spórtlann agus a chinntiú go bhfuil na himeachtaí á reáchtáil go héifeachtach ó lá go lá.
  2. Córais bainistíochta agus feidhmithe don Spórtlann a leagan amach agus a aontú leis an gCoiste agus le foireann eile na Spórtlainne.
  3. Plean Sláinte agus Sábháilteachta na Spórtlainne a chur i bhfeidhm agus aird an Choiste Stiúrtha a dhíriú ar aon ghné den phlean seo a dteastaíonn cúram ar leith uaidh.
  4. Clár oibre a leagan amach don seomra gleacaíochta (gym) a chinntíonn go bhfuil oiread usáide agus is féidir á bhaint as na háiseanna sin.
  5. Úsáid an seomra gleacaíochta a spreagadh ar bhealaí éagsúla, mar shampla:
    • Clár margaíochta a ullmhú le ballraíocht láidir a chinntiú.
    • Cláracha éagsúla traenála a leagan amach do na baill cláraithe.
    • Ranganna agus ceardlainn a eagrú.
  6. Cláracha imeachtaí san Halla Spóirt a shocrú agus a bhainistiú ionas go bhfuil oiread úsáide agus is féidir á bhaint as na háiseanna ansin.
  7. Bainistiú a dhéanamh ar fhoireann oibre na Spórtlainne (daoine ar scéimeanna san áireamh i gcomhar leis na saoistí cuí), cláracha oibre a leagan amach dóibh, agus moltaí a dhéanamh (don Choiste Stiúrtha) maidir le cúrsaí oiliúna fóirne, más gá.
  8. Dea-Chaidrimh a chothú le Bainisteoirí Fóirne Spóirt áitiúla, lena chinntiú go bhfuil said ag baint lán usáid as na háiseanna éagsúla atá sa Spórtlann.
  9. Margaíocht a dhéanamh ar an Spórtlann agus na deiseanna éagsúla ioncaim a fhiosrú i gcomhair leis an bhfoireann agus moltaí a chur faoi bhráid an Coiste Stiúrtha go rialta ar an ábhar seo.
  10. An Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné de riaradh na Spórtlainne.
  11. Comhoibriú le cibé socrú a aontaíonn an Coiste Stiúrtha don Seomra Caidhrimh.
  12. Clár oibre míosúil le spriocanna éagsúla a aontú leis an gCoiste Stiúrtha agus tuairisc mhíosúil i scríbhínn a thabhairt don Choiste ar dhul chun cinn an chláir sin ina mbeadh eolas faoin lion ballraíochta sa Giom, áirithintí sa Halla agus aon eolas abharthach eile. Cuntas Airgid Ioncam agus Caiteachas don mhí roimhe a chuir i láthair an Choiste

Is féidir leis an gCoiste Stiúrtha treoracha éagsúla a thabhairt i leith feidhmiú an phoist seo ó thráth go chéile más gá.

Is post 39 uair a’ chloig sa tseachtain ar chonradh bliana ata i gceist leis an bpost seo, mar thús.

An saghas duine a theastaíonn:

  • Cáilíochtaí aitheanta i mbainistiú spórtlainne nó taithí ábharach eile.
  • Scileanna láidir idirphearsanta agus taithí ag bainistiú fóirne oibre.
  • Duinne fuinniúil, dea eagraithe, atá sásta sealanna neamhshóisialta a oibriú.
  • Taithí riaracháin agu‘s ábalta tuairiscí scríofa a chur faoi bhráid an Choiste Stiúrtha go miosúil.
  • Gaeilgeoir líofa a chintíonn go mbeidh an Ghaeilge in uachtar san Spórtlann ó thaobh na fóirne agus i gcaidrimh le cuistiméirí.
  • Duine atá ábalta margaíocht a dhéanamh ar imeachtaí na Spórtlainne agus úsáid chliste a bhaint as na meáin (raidió/ preas/idirlíon), go rialta, le poiblíocht a dhéanamh ar an Spórtlann.

Má tá suim agat sa phost seo seol iarratas agus C.V. chuig:
An Cathaoirleach, Spórtlann Naomh Anna Teoranta, Máimín, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe roimh 13 Bealtaine 2010.

Is iad uaireanta oscailte na Spórtlainne ná ón 7.00 r.n. go dtí 10.00 i.n. Uimhir an Spórtlann: 091-551961