Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

Tomás Mac Eochagáin 1940 - 2012

line decor
 
 
 
 

 

Is ar an gCéadaoin, 24 Deireadh Fómhair 2012, a chaill an Cumann duine de charachtar na háite nuair a bhásaigh iar-uachtárán an Chumann, Tomás Mac Eochagáin as Tír an Fhia. Ag aifreann na sochraide ar an 27 Deireadh Fómhair i Séipéal Thír an Fhia thug Máirtín Ó Conghaile, iar-chathaoirleach Naomh Anna, an t-aitheasc seo a leanas:

D’iarr an chlann orm cúpla focal a rá maidir le Thomas Geoghegan. Caithfidh mé a rá go raibh áthas orm sin a dhéanamh mar go raibh meas agus cionn agam ar an bhfear.

Is iomaí scéilín a d’inis Thomas dom faoina óige thar na blianta. Déarfainn gur duine é a bhain sásamh as an saol ag fás aníos i dTír an Fhia sna ceathrachaidí agus caogaidí. Mar mhac siopadóra, agus an t-aon duine clainne, is dóigh go raibh an saol níos éasca aige na cuid mhaith dá chomhaois. Go deimhin tá seans go raibh sé ina saghas peata ag fás aníos mar ghasúr! Mar fhear óg is minic a thiomain sé carr a athar go Gaillimh ar ghnó an tsiopa. Is minic a thug sé leis an carr freisin gan cead a athar ar thurais sóisialta go Gaillimh lena chairde. Mar a deir an seanfhocal, ‘Ní hionann dul don bhaile mór agus é a fhágáil’, agus ba iomaí stop a rinneadh ar an mbealach ar na turais seo. Tharla seo ar ndóigh i ré nach raibh rialacha tiomána ró-dhocht agus b’iomaí eachtra a bhí le n-aithris de bharr na dturais éagsúla. Buíochas le Dia áfach tháinig gach duine slán abhaile, fiú más go mall féin é ar oícheanta áirithe!

Níl amhras ach gur é Thomas Geoghegan ceann de phearsantachtaí mhóra Chumann Peile Naomh Anna. Bhí sé ansin ón tús. D’fhreastal sé ar an gcéad chruinniú nuair a haontaíodh cumann nua peile a bhunú sa gceantar i 1964 i dteannta le leithid an Ath. Micheál Ó Flannabhra, Michael Mór Ó Conghaile, Séamus Mac Cormaic, Paddy Phad Ó Conghaile, Antoine Ó Loingsigh agus daoine eile.

Bhí sé ar an gcéad fhoireann a chuaigh chun páirce ag caitheamh na ngeansaithe gorma san gcluiche in aghaidh Charna ar an gCeathrú Rua i 1965 i dteannta imreoirí mar Nioclás Ó Conchubhair, Diarmaid Mac an Adhastair, Coilimín Ó Biadha, Pat O’ Malley, Pat Houloghan, Michaell Tom Ó Cualáin agus daoine eile.

Deirtear liom gur chuir cúrsaí grá deireadh le imirt Thomas tar éis dó bualadh lena bhean chéile, Máire!

Foireann Naomh Anna 1964

Na Fir a d'imir do Naomh Anna nuair a bunaíodh an Cumann 1964
Tá Thomas le feiceáil sa líne chúl, an cúigiú duine ó chlé

Thomas agus Máirín 2005

Thomas agus Máirín ag an Dinnéar Bliantúil i dTeach a' Daingin i 2005

Thomas agus Máirín 2005

Thomas ag cur fáilte roimh Uachtarán C.L.G. Seosamh Mac Donnacha go Páirc a' Mháimín i 1999

Roghnaíodh Thomas mar Uachtarán ar Chumann Peile Naomh Anna i 1991 (i gcomharbas ar an gCanónach Colm Ó Faoláin, S.P. Leitir Móir a bhásaigh) agus bhí sé mar Uachtarán ar feadh 17 bliain go dtí 2008 nuair a d’éirigh sé as an gcúram. Ba le linn na tréimhse sin a tháinig fás mór ar imeachtaí Chumann Peile Naomh Anna.

  • Bunú Crannchur Lotto i 1993 a chruthaigh sruth airgid a thug deis don chumann tabhairt faoi thograí forbartha.
  • Craobh Idirmheánach an Chontae i 1995 agus ag imirt i ngrád na sinsir den chéad uair i 1996.
  • Ba é mac Thomas, Michael Geoghegan, ceann de na himreoirí ab fhearr ar an bhfoireann sin.
  • Forbairt ar Pháirc an Mháimín agus reáchtáil Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta ansin i 2002.
  • Oscailt na Spórtlainne i 2007.

Le linn na forbartha seo ba mhinic coiste an chumainn peile faoi bhrú agus strus ag déileáil leis na fadhbanna éagsúla a thagann le mór oibreacha dá leithid. Bhí sé do ádh ar Thomas áfach gur cosúil nach raibh pioc strus air i gcaitheamh a shaoil agus ba mhinic a bhain sé cuid mhór den teannas as ócáidí teasaí le ráitis chiallmhar!

Thomas agus Máirín 2005

Thomas agus Máirtín Ó Conghaile ag bronnadh seic Pota Óir an Lotto ar Phádraig Mac an Rí i 2002

Sam sa Máimín 1998

Michael Geoghegan agus captaen na Gaillimhe, Ray Silke, nuair a thug sé SAM
go dtí an Máimín agus go dtí Pat Phaidí (daideó Mhichael) i 1998

D’imir Michael Geoghegan le foireann sinsir na Gaillimhe agus bhí sé mar bhall den phainéal nuair a bhuaigh Gaillimh Craobh na hÉireann i 1998. Nach é Thomas (agus muintir Leitir Móir le chéile), a bhí bródúil nuair d’iompair Michael Corn Sam Mac Uidhir isteach ar Pháirc an Mháimín mar chuid de cham chúirt na foirne buacach tar éis an Chluiche Ceannais i bhfómhar na bliana 1998.

I dteannta le Michael, d’imir an chlann mhac eile, Tommy, Pádraig agus Joey, le Naomh Anna i ngráid éagsúla thar na blianta.

Ní féidir linn dearmad a dhéanamh dá chlann iníon ach oireadh mar d’imir na cailíní, Fionnuala, Áine, Eileen agus Sailí le foirne peile ban Naomh Anna. Níl amhras mar sin nach raibh tionchar mór ag clann Thomas ar Chumann Peile Naomh Anna le scór blianta anuas!

Thomas agus Máirín 2005

Joey, Michael agus Pádraig nuair a thug an Cumann cuairt ar Bhoston i 2004

Bhí Thomas mar bhall do cheann de fho-choistí comhaireadh an Lotto ó 1993 agus ní dóigh liom gur chaill sé oireadh agus cruinniú amháin i rith na mblianta. Bhí ionadh agus díomá ar bhaill eile an fho-choiste nuair nach raibh Thomas ábalta freastal ar an gcruinniú deiridh de bharr tinnis. Ní aon áibhéil a rá ach ba chosúla le gearr drámaí grinn na hócáidí seo ag comhaireadh an Lotto de bharr an dea chaint a bhíodh idir na baill éagsúla. Ní raibh duine níos fearr ná Thomas leis an dea chaint agus bhí sé thar a bheith deacair breith ar theanga air! Ní amhras ach go n-aireoidh Fo-Choiste an Lotto comhluadar Thomas uatha go mór.

Ar eagla go gceapfadh sibh gur le cúrsaí peile a chaith Thomas a shaol, ba chóir a rá freisin gur feirmeoir aitheanta a bhí ann a raibh spéis agus scil aige i dtógáil beithíoch. Ba mhinic leis freastal ar aontaí agus marglanna beithíoch agus ba bhreá leis bheith ag plé faoi thógáil stoc le feirmeoirí áitiúil.

Tá Thomas imithe uainn gan choinne ag aois sách óg. Nuair a imíonn duine ní bhíonn fágtha ach na cuimhní. I gcás Thomas is cuimhní ceanúla agus spórtúil iad uile.

  • Fear mór ach fear séimh.
  • Fear lán de spraoi, greann, agus dea-chaint.
  • Fear a thóg an saol mar a fuair sé é.
  • Fear le suim agus eolas faoi leith ar chúrsaí spóirt, go háirithe imeachtaí CLG.
  • Seachas rud ar bith eile, fear chéile dílis dá bheann Máire, agus athair grámhar dá chlann.

Nach breá na suáilcí iad sin mar uachta!

Oscailt an Spórtlann 2007

Máirín, Pádraig, Fionnuala, Sinéad agus Thomas
ag oscailt an Spórtlann i 2007

Deir na scrioptúir gur iomaí áras sna Flaithis. Tá súil agamsa go bhfuil árais spóirt agus páirceanna imeartha ansin. Má tá duine ag teastáil ón bhFear Thuas le scóir a choinneáil, tá fear maith faighte anois aige i Thomas!

Mar a deir an t-Oileánach, ‘Ní bheidh a leithid arís ann’. Beannacht Dé lena anam.

Coiste 2003

Coiste an Chumainn le Áire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD, ag an Dinnéar Bliantúil in Óstán an Dóilín i 2003
Ar chúl: Pádraig Ó Conghaile, Pádraig Ó Ráighne, Cóil Ó Ceallaigh, Colm an Doirín Mac Donnacha, Joe Thomas Ó Flatharta, Máirtín Ó Meachair, Cóilín Phateen Ó Conghaile, Máirtín Breathnach, Colm Mac Donnacha, Ciarán Ó Fátharta

Ina suigh: Stiofán Ó Flatharta, Máirtín Ó Conghaile, Philomena Ní Fhlatharta, Áire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD, Cáit Mhic Dhonnacha, Tomás Mac Eochagáin, Nioclás Ó Conchubhair

 

Céiliúradh 25 bliain

Foireann 1964 Naomh Anna ag céiliúradh 25 Bliain i 1989
Ar chúl: Nioclás Ó Conchubhair, Michael Tom Ó Cualáin, Diarmuid Mac an Adhastair, Colm Ó Biaidh, Tomás Mac Eochagáin, Pádraic Ó Máille, Aindí Peircín, Micheál Seoighe, Micheál Ó Tuathail, Colm Ó Donnchú, Pádraic Mac Donnacha

Ina suigh: Michael Needham, Séamus Ó Conghaile, Pádraig Ó hUllacháin, Michael Mór Ó Conghaile (Cathaoirleach), An tAth. Micheál Ó Flannabhra (Uachtaráin), Antoine Ó Loingsigh
Inset Tomás Ó Durcáin (Rúnaí) agus Jimmy Rus Mac Cormaic

 

Corn Pha Grealish 2007

Tommy Nally (Cisteoir Coiste Peile an Iarthair), Máirtín Ó Conghaile agus Thomas nuair a bronnadh Corn Pa Grealish ar Mháirtín i 2007

 

Comórtas na Scoileanna

Thomas ag bronnadh Corn an tAth Ó Faoláin do na scoileanna ar chaptaen Scoil Thír an Fhia, Pádraig Gearóid Ó Ceallaigh i 1994

 

Thomas agus Dermot

Thomas agus Dermot Darby ag an Dinnéar Bliantúil i 2004

 

Dinnéar Bliantúil 1995

Ag an Dinnéar Bliantúil i 1995 tar éis Craobh Idirmheánach an Chontae a bhuachan don chéad uair

Seán DePaor (Rúnaí Coiste Peile an Iarthair), Thomas Geoghegan (Uachtaráin), Seán Ó Gríofa (Peileadóir na Bliana Faoi 16), Rónán Ó Ceallaigh (Faoi 12), Micheál Mac Eochagáin (Peileadóir Idirmheánach na Bliana an Chontae), Pádraig Ó Lochlainn (captaen Idirmheánach), Gearóid Ó Cualáin, Nóra Ní Ógáin (Foireann na mBan), Pádraig ó Conaire (Bainisteoir Idirmheánach), Stiofán Ó Flatharta (Cisteoir), Ath. Ciarán deBláca (Leas Uachtaráin), Máirtín Ó Conghaile (Cathaoirleach)

 

Thomas agus Nioclás

Thomas ag déanamh bronnadh ar Nioclás Ó Conchubhair ag oscailt oifigiúil Chomórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta i dTeach a' Daingin i 2002

   

 

Crannchur Mór

Ag launch an Crannchur Mór i 2004
Colm an Dóirín, Tomás Mac Eochagáin, Seosamh Mac Donnacha agus Michael Bharry