Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

TORTHAÍ FAOI 20 - 2018

line decor
 
 
 
 

 
 
 
An Fhoireann Mionúir Faoi 20
Ar chúl: Tristan Broc, Diarmuid Ó Flatharta, Mikey Mac Donnacha, Joe Ó Gubáin, Oisín Mac Donnacha, Aonghus Ó Cualáin, Pádraig Seoighe, Maitias Eoin Bairéad, Criostóir Seoige, Colin Ó Flatharta, Antoine Ó hIcí, Micheál Ó Curraoin, Evan Ó Gríofa, Maitias Bairéad
Chun tosaigh: Ciarán Óg Ó Fátharta, Rónán Mac Donnacha, Cian Ó Lochlainn, Micheál Mac Donnacha, Colm Óg Ó Conghaile, Dylan Seoige, Eoin Ó Fátharta, Eamonn Ó Cualáin, Aonghus Ó Coisdealbha, Eoin Mac Donnacha
 
17-02-2018: Ceathrú Ceannais Craobh Faoi 20 B an Iarthair ar an Fhairche
Naomh Anna 2-10   Naomh Pádraic, An Fhairche 0-7
Seosamh Ó Gubáin 1-2, Maitias Eoin Bairéad 1-2, Dylan Seoighe 0-3, Oisín Mac Donnacha 0-2, Aonghus Ó Cualáin 0-1
 
17-03-2018: Leathcheannais Craobh Faoi 20 B an Iarthair ar an Máimín
Naomh Anna 5-6    Naomh Séamus 0-8
 
30-3-2018: Cluiche ceannais Craobh Faoi 20 B an Iarthair ar an gCnoc
Naomh Anna 1-13    An Spidéal / Oileáin Árann 0-14
Oisín Mac Donnacha 0-6, Mikey Mac Donnacha 1-2, Maitias Eoin Bairéad 0-1, Christopher Seoighe 0-1, Seosamh Ó Gubáin 0-1, Aonghus Ó Cualáin 0-1, Dylan Seoighe 0-1
 
Thug an fhoireann Faoi 20 leo an comórtas nua, an chéad Craobh Faoi 20B an Iarthair, nuair a fuair siad an ceann is fearr ar C.L.G. An Spidéal / CLG Oileáin Árann ar Pháirc na mBreathnaigh ar an gCnoc ar Aoine an Chéasta le dhá phointe, 1-13 le 0-14. Cluiche crua spórtúil a bhí ann ó thús go deireadh. Bhí cóir na gaoth ag na leaids thoir don chéad leath agus d'úsáid siad go héifeachtach í agus bhíodar chun cinn le 7 bpointe ag leathama, 0-10 le 0-3. Bhí dhá dheis iontach ar chúil ag Naomh Anna sa gcéad leath ach theip ar iarrachtaí Mhichíl Uí Churraoin agus Dylan Seoighe an eangach a bhaint amach. Chuir leaids Naomh Anna tús iontach leis an dara leath agus taobh istigh le 10 nóiméad bhí na foirne ar comhscór, 1-8 le 0-11. Bhí an-choimhlint idir na foirne as sin go deireadh na himeartha, iad ar comhscór arís faoi dhó ach chríochnaigh leaids na nOileán ní ba láidre le dhá chúilín ó chiceanna saora agus bhí na fir cúil thar barr sa chúig nóiméad deiridh chun an Chraobh Faoi 20 B a thabhairt siar den chéad uair agus áit a bhaint amach i gcluiche ceannais an Chontae i gcoinne seaimpíní an Tuaiscirt, Naomh Gabriels nó Naomh Breandán nó Seamróga Chortún. Scóráil Oisín Mac Donnacha 0-6, Mikey Mac Donnacha 1-2, Maitias Eoin Bairéad 0-1, Christopher Seoighe 0-1, Seosamh Ó Gubáin 0-1, Aonghus Ó Cualáin 0-1 agus Dylan Seoighe 0-1. Don Spidéal / Oileáin Árann scóráil Finnian Ó Laoi, mac le Joe Joe, 0-10, Seán Ó Maoilchiaráin 0-2, Peter Ó Donnchú 0-1 agus Benin Mac Donncha 0-1.
 
An Fhoireann: 1. Ciarán Óg Ó Flatharta, 2. Antoine Ó hIcí, 3. Colin Ó Flatharta, 4. Colm Óg Ó Conghaile, 5. Rónán Mac Donnacha, 6. Pádraig Ó Fátharta (Co-chaptaen), 7. Mikey Mac Donnacha, 8. Maitias Eoin Bairéad, 9. Christopher Seoighe, 10. Micheál Ó Curraoin, 11. Seosamh Ó Gubáin, 12. Aonghus Ó Fátharta (Co-chaptaen), 18. Evan Ó Gríofa, 14. Oisín Mac Donnacha, 15. Dylan Seoighe. Fir iodaid: 19. Aonghus Ó Coisdealbha in áit Micheál Ó Curraoin, 20. Éamon Ó Cualáin in áit Antoine Ó hIcí, 21. Pádraic Seoige in áit Dylan Seoighe. 13. Diarmuid Ó Flatharta, 16. Cian Ó Lochlainn, 17. Eoin Mac Donnacha, 22. Eoin Ó Fátharta, 23. Johnny Ó Tuathail, 24. Conor Seoighe, 25. Tristan Brock
 
Bronnadh Faoi 20B an Iarthair
Pádraic Phete Mac Donnacha (Coiste Peile an Iarthair), Aonghus Ó Cualáin agus Pádraig Ó Fátharta.
Tá tuilleadh eolas / pictiúir ón gcluiche ar fáil ag https://bit.ly/2pQUmns
 
24-11-2018: Cluiche ceannais Craobh Faoi 20 B an Chontae i Stáid an Phiarsaigh
Naomh Anna 1-11    Naomh Gabriel 1-18
Oisín Mac Donnacha 0-7, Michéal Mhyle Mac Donnacha 1-0, Mikey Mac Donnacha 0-2, Dylan Seoighe 0-2