Pádraig Ó Conghaile

BAILE
STAIR
LOTTO
COISTÍ
FOIRNE
CLUICHÍ
ONÓRACHA
PICTIÚIR
COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTA
TEAGMHÁIL
SCOILEANNA
SCÉALTA

Chaith Pádraig Ó Conghaile, nó Pat Choilmín mar is fearr aithne air, blianta fada ag imirt ar fhoirne Naomh Anna. Thosaigh sé ag imirt thiar i 1972 agus d'imir sé peil go dtí 2000. D'imir sé peil Shinsir le Naomh Ciarán.  Chomh maith le seirbhís iontach a thabhairt ar an bpáirc peile tá a chuid féin déanta ag Pat i riaradh an Chumann. Chaith sé blianta mar chisteoir, ag am nach raibh rudaí ar nós an Lotto ann agus ag am a raibh sé deacair airgead a bhailiú isteach. Tá sé mar Leas-Chathaoirleach ar an gCumann ó 1995. Bhuaigh sé Craobh na hÉireann sa pheil le foireann Máistrí na Gaillimhe i 1998

Tá Pat pósta le Angela (Durcán roimh pósadh di) agus tá cónaí orthu in Eanach Mheáin. Is ball é de Chumann Galf Oileáin Chonamara.