Oscailt na Páirce - 31 Márta 1974

 

 

     Forbairt na Páirce                Páirc a' Mháimín           Foireann 1974   

BAILE
LOTTO
COISTÍ
FOIRNE
CLUICHÍ
ONÓRACHA
PICTIÚIR
COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTA
TEAGMHÁIL
SCOILEANNA
SCÉALTA
FORBAIRT ÁISEANNA

B'iontach an lá é do Cheantar na nOileán an lá ar oscail Páirc an Mháimín ar an 31 Márta 1974.  B'iad an tAthair Micheál Ó Flannabhra, an tAthair Micheál Ó Fátharta, a bhí ina shéiplíneach i dTír an Fhia ag an am,  agus an tAthair Colm Ó Faoláin, sagart paróiste Leitir Móir, a rinne an beannú. 

D'imir foireann Naomh Anna an lá úd in aghaidh Bhaile Mháirtín as Ráth Cairn agus d'imir Cumann an Athar Uí Ghríofa in aghaidh Ghaeltacht Chonamara.

Ní raibh na seomraí feistis tógtha an lá úd agus baineadh úsáid as Halla Thír an Fhia.  Ba iad banna ceoil Scoil Thír an Fhia faoi stiúir an tSr Uinseann a chuir an ceol ar fáil ar feadh an lae.   Tráthnóna, chuir an Cumann an sméar mhullaigh ar an oscailt le dinnéar mór do na foirne in Óstán na Ceathrún Rua agus céilí ina dhiaidh sin arís i Halla Mhic an Adhstair san áit ar bronnadh na duaiseanna.  Bhronn Cumann Peile Connemara Gaels Boston agus Nua Eabhrac corn agus trófaithe ar an gCumann baile.  Ceann de na coirn sin ab ea Corn James Philbin a bhronn Connemara Gaels Nua Eabhrac.

De bharr sruth na himirce bhí bánú á dhéanamh ar Chumann Peile Naomh Anna ag tús na seachtóidí.  B'éigean do phlúr na bhfear a n-aghaidh a thabhairt ar Leeds, Londain, Nua Eabhrac agus ar Boston.  D'imigh leitheidí Mharcuis agus Sheáin Uí Chualáin as Fuirnis, triúr de mhuintir Chonghaile, Seán, Michael agus Pádraig, na Peircíní, Micheál agus Seán. Agus Micheál Ó Flatharta as Leitir Móir.  D'imir siadsan uilig d'fhoireann sinsir Connemara Gaels i mBoston agus i Nua Eabhrac. Chuaigh imreoirí eile go Leeds agus go Londain. Michael Phat Liaimín as an Trá Bháin, a raibh bonn uile-Éireann bainte amach aige agus é ag freastal ar Scoil Ghairmoideachais na Gaillimhe agus Cóilín Ó Ceallaigh as an Maimín. Bhí aitheantas faighte ag Seán Ó Conghaile as Tír an Fhia ag an leibhéal contae nuair a b'éigean dó féin an baile a fhágáil agus a aghaidh a thabhairt ar Boston.

Cé gur thóg na fir sin orthu féin páirt a ghlacadh i gCumainn Pheile thar lear d'fhan a ndílseacht agus a ndúthracht riamh le Cumann Peile Naomh Anna.  

Seo a leanas giotaí a bhí sa leabhrán oifigiúil a bhí ar fáil d'oscailt na páirce ar an 31ú Márta 1974.