Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

Uimhreacha LOTTO na seachtaine seo, 1 Márta 2010 - 6, 19, 29, 31   - ní raibh aon bhuaiteoir. Beidh €5,800 sa bPota Óir an tseachtain seo chugainn.

line decor
 
 
 
 

Fáilte isteach     Cliceáil thuas chun torthaí na seachtaine a fheiceáil


Bunaíodh an Cumann i 1964                  Dathanna : DUBH agus BUÍ
Páirc Bhaile:
PÁIRC A' MHÁIMÍN, LEITIR MÓIR

 

Torthaí 2010                 Sraith Sacar

 

Fógra poist: Riarthóir Spórtlainne

Tá Cumann Peile Naomh Anna i gcomhair le Údarás na Gaeltachta ag earcú duine le folúntas do Riarthóir Spórtlainne i Spórtlann Mhichael Mhóir ar an Máimín, Leitir Móir a líonadh. Is post lán-aimseartha 39 uair a’chloig sa tseachtain ar chonradh 6 mhí atá i gceist. Seo na sonraí a bhaineann leis an bpost.

 

 

 

Foireann Diospóireachta SCC 2010


An pictiúr ón gCuradh Chonnachtach, 5 Feabhra 2010

Comhghairdeas le foireann sinsear Diospóireachta Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, a bhuaigh Craobh na hÉireann i bPortlaoise ar an 28 Eanáir. Ar an fhoireann bhí Gráinne Ní Lochlainn as An Tuairín, an captaen Orlaith Ní Mheachair as Cladhnach agus Christine Nic Dhonnacha as An Trá Bháin. Sa phictiúir leis na cailíní, tá na múinteoirí Máirín Ní Dhomhnaill agus Máire Ní Fheinneadha

 

 

Tá os cionn €122,000 íoctha amach againn
ar an bPota Óir amháin le trí bliana anuas

 

 

 

Da mba mhaith leat ríomhphost a fháil gach uair a chuirtear eolas breise leis an suíomh seo
seol ríomhphost chugainn ag eolas@naomhanna.ie agus cuirfear ar an liosta tú.

 

 

"I seasca ceathair sea cuireadh an síol
a d'fhás ar dtús mar bhláth,
's a lean ag leathnú amach gach treo
nó go ndearna brainsí breátha!
D'fháisc le chéile isteach mar chrann
nár facthas a leithéid cheana,
anois tá'n bratach dubh agus buí
ag 'speáint mórtas croí Naomh Anna"
                                                        píosa scríofa ag Ciarán Ó Fátharta