Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

TORTHAÍ - 2021

line decor
 
 
 
 

Cliceáil ar cheann de na roghanna thall ar chlé chun torthaí na foirne sin a fheiceáil.
 
Tá foirne againn ag imirt sna grádanna seo: Idirmheánach, Sóisear A, Sóisear C, Faoi 19, Faoi 17, Faoi 15, Faoi 13, Faoi 12, Faoi 10, Faoi 8 agus Faoi 6.
Foirne na mBan: Sinsear, Sóisear, Mionúir, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 12 agus Faoi 10
Seo liosta de na bainisteoirí foirne
 
Eanáir - Aibreán

Ní raibh aon cluichí ann de bharr an Choróinvíreas.

 
Bealtaine

Cuireadh fáilte chroíúil roimh Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers TD, go Páirc an Mháimín ar an Aoine, 14 Bealtaine, áit a chas sé le Pádraig Ó Conghaile (Leaschathaoirleach), Nioclás Ó Conchubhair (Uachtarán) agus le Gráinne McElwain (Oifigeach Gaeilge). Bhronn Pádraig Ó Conghaile, údar, cóip de leabhar Stair Chumann Peile Naomh Anna, Leitir Móir 1964 - 2014 ar Aire Stáit na Gaeltachta.

Is féidir an leabhar a cheannach ar líne ó Cló Iar-Chonnacht.

Sa bpictiúr tá Pádraig Ó Conghaile, Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers TD, Nioclás Ó Conchubhair, Gráinne McElwain, Aodhán Mac Cormaic agus Seán Mac Eoin (Roinn na Gaeltachta). Is é Cóilín Ó Neachtain as RTÉ Raidió na Gaeltachta a thóg an pictiúr.

 

Jack Chambers TD

 

Gaillimh v Baile Átha Cliath
 

Bhí Maitias Eoin Bairéad i measc na bhfear ionaid ar fhoireann Sinsir na Gaillimhe a theip go dona orthu, 0-11 le 4-21, i gcoinne Chiarraí sa gcéad bhabhta den tSraith Peil Náisiúnta i bPáirc Aibhistín de Staic i dTrá Lí ar an Satharn 15 Bealtaine.

Bhí sé an ar an mbinse arís don dara cluiche sraithe i Staid an Phiarsaigh ar an Domhnach 23 Bealtaine i gcoinne Ros Comáin nuair a fuair peileadóirí na Gaillimhe a gcéad bua i gcomórtas na bliana seo, an scór deiridh 2-16 le 1-13.

Ar an Domhnach, 30 Bealtaine, tháinig Maitias Eoin chun páirce in áit Fhinnian Ó Laoi don ceathrú uaire deiridh den cluiche sraithe i gcoinne Bhaile Átha Cliath i bPáirc Naomh Iarlaith i dTuaim. Fuair fir an príomhchathair an ceann is fearr leis an scór 1-15 le 2-16.

 

Cuireadh tús le comórtas idirchontae Peil na mBan ar an 22 Bealtaine nuair a thug Mná na Gaillimhe aghidh ar Pháirc Mhic Éil i gCaisleán an Bharraigh le casadh leis an fhoireann baile ansin sa gcéad bhabhta i Roinn 1A i Sraith Náisiúnta Lidl.

Bhí an lá le mná Mhaigh Eo le aon phointe amháin, 2-14 le 2-15, ag deireadh na himeartha.

D'imir Sarah Ní Loingsigh mar lánchúlaí agus bhí Ríona Ní Fhlatharta agus Mairéad Ní Loingsigh i measc na hionadaithe.

  Sarah Ní Loingsigh v Maigh Eo
Sarah Ní Lingsigh v an Iarmhí
 

Bhí bua iontach ag foireann Sinsir Ban na Gaillimhe ar fhoireann Contae na hIarmhí, 6-13 le 2-7, i Roinn 1A i Sraith Náisiúnta Lidl i Staid an Phiarsaigh ar an Domhnach, 30 Bealtaine.

D'imir Sarah Ní Loingsigh mar lánchúlaí agus tháinig Ríona Ní Fhlatharta agus Mairéad Ní Loingsigh, a scóráil 0-1, isteach mar ionadaithe sa dara leath.

Tháinig Clíodhna Ní Cheallaigh chun páirce sa dara leath, ag scóráil 0-1, d'fhoireann Luimneach nuair a theip orthu ina gcluiche i gcoinne Uíbh Fhailí i Roinn 4B sa Tulach Mhór, 2-10 le 3-12.

Is féidir breathnú siar ar na cluichí seo ar shuíomh YouTube Peil na mBan.

 
Meitheamh

Tháinig Clíodhna Ní Cheallaigh chun páirce d'fhoireann Luimneach nuair a fuair siad an ceann is fearr ar mhná Cheatharlach i Roinn 4B ar Pháirc na nGael i Luimneach ar an Domhnach, 6 Meitheamh. An scór deiridh ansin, 2-7 le 0-8. Thosaigh Clíodhna sa líne leathchúl ar chlé nuair a thug Luimneach aghaidh ar Liatroim ina gcluiche leathcheannais i mBaile an Mhuilinn i nGaillimh ar an Domhnach, 13 Meitheamh, cluiche a bhuaigh mná Chonnacht, 4-12 le 2-7. Tá an cluiche le feiceáil anseo ar YouTube.

Bhí briseadh croí ann do peileadóirí na Gaillimhe ina gcluiche dícháilithe i gcoinne Mhuineacháin i gCluain Eois ar an Domhnach, 13 Meitheamh. Tháinig Maitias Eoin Bairéad chun páirce sa dara leath i gcluiche a chuaigh go dtí am breise sular éirí leis an fhoireann baile an ceann is fearr a fháil le aon phointe amháin, 2-17 le 1-21. Bhí Seán Andy Ó Ceallaigh i measc na hionadaithe. Beidh Gaillimh ag imirt i Roinn 2 i 2022.

Maitias Eoin Bairéad

Maitias Eoin Bairéad tar éis an cluiche i gcoinne Mhuineacháin

 

Leanne Seoighe

Leanne Seoighe, atá roghnaithe ar fhoireann Faoi 14 na Gaillimhe