Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

TORTHAÍ - 2012

line decor
 
 
 
 

 

Cliceáil ar cheann de na roghanna thall ar chlé chun torthaí na foirne sin a fheiceáil.

 

Tá foirne againn ag imirt sna grádanna seo: Sinsear, Sóisear A, Sóisear C, Faoi 21, Mionúir, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 12, Faoi 10 agus Faoi 8.

 

Foirne na mBan: Sóisear, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 13 agus Faoi 11

 

Seo liosta de na bainisteoirí foirne

 

Eanáir

Bronnadh gradam Réalt na Gaillimhe sa Dornálaíocht don bhliain 2011 ar Chiaráin Ó Gríofa as an éacht a rinne sé i 2011.

 

Feabhra

Thosaigh an séasúr nua peile le cluiche craoibhe Faoi 21 A ar an Máimín i gcoinne Bhearna. Lá bog a bhí ann, an pháirc fliuch. Scóráil Aonghus Ó Fátharta an chéad scór den bliain peile nua le cúilín ó chic saor. Bhí Naomh Anna chun cinn ag leathama le pointe amháin, 0-4 le 0-3. Chothrom Bearna rudaí le pointe go luath sa dara leath ach fuair Naomh Anna an chéad dá scór eile le cúl agus cúilín chun dul 4 pointe chun cinn le 10 nóiméad fágtha ar an gclog. Ach b'iad Bearna a chríochnaigh ba láidre le cúig chúilín chun an bua a fháil ag deireadh na himeartha le pointe amháin. Níor bhfuair muid ach scór amháin ón imirt, cúl ó Aonghus Ó Fátharta. Scóráil Aonghus an 5 phointe ó chiceanna saor.

 

Márta

Tháinig Colm Mac Donnacha isteach mar fhear ionad ar fhoireann Faoi 21 na Gaillimhe a d'imir i gCraobh Chonnacht i gcoinne Mhuigh Eo i gCaisleán an Bharraigh ar an gCéadaoin, 14 Márta. Faraor, tar éis am breise, theip orthu le dhá phointe, 1-14 le 0-15.

 

Tá áit bainte amach ag Sarah Ní Loingsigh agus ag foireann sinsir Ban na Gaillimhe i gcluche leathcheannais na Sraithe Náisiúnta, roinn a 2.

 

 

Extra-time Winners! from Jerome Quinn on Vimeo.

Comhgháirdeas le Sarah Ní Loingsigh agus le foireann Coláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach a bhuagh Corn Giles lena mbua ar Ollscoil na hÉireann, Magh Nuad
tar éis am breise i mBéal Feiriste ar an Domhnach, 25 Márta.

 

Chuaigh an fhoireann sinsear chun páirce don chéad uair i 2012 nuair a d'imir siad Micheál Breathnach i gComórtas Peile na Gaeltachta ar Pháirc an Chnoic ar an Domhnach, 25 Márta. Scóráil Ciarán Ó Conghaile an chéad scór den tséasúir nua le cúl tar éis 37 soicind. Fuair siad an ceann is fearr ar fhir Chois Fharraige leis an scór deiridh 5-10 le 0-13.