Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

TORTHAÍ - 2007

line decor
 
 
 
 

 

Cliceáil ar cheann de na roghanna thall ar chlé chun torthaí na foirne sin a fheiceáil.

 

Bhí foirne againn ag imirt sna grádanna seo: Idirmheánach, Sóisear A, Sóisear C, Faoi 21, Mionúir, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 12, Faoi 10 agus Faoi 8.

 

Foirne na mBan: Sóisear, Faoi 16 agus Faoi 14.

 

Feabhra:

 

Bronnadh Gradamh Pearsa na Bliana 2006 do na Cumainn i gCoiste Peile an Iarthair ar Mháirtín Ó Conghaile ag ócáid a bhí sa Forge i Maigh Cuilinn ar an 24 Feabhra. Bronnadh Corn Chuimneachán Pa Grealish ar Mháirtín.

 

 

Márta:

Bhuaigh Orlaith Ní Mheachair comórtas amhránaíochta Faoi 13 agus Corn Phatsy Ó Ceannabháin don na hamhránaithe ar fad ag comórtas GaelAcadamh an Spidéil.

 

Bhí Philomena Ní Fhlatharta ina captaen ar fhoireann Sinsir Ban na Gaillimhe don cluiche sraithe i gcoinne Corcaigh i dTuaim ar an 11 Márta. Fuair Corcaigh an ceann is fearr ar Ghaillimh le cúilín amháin, 0-14 le 3-4. Scóráil Philomena ceann de cúl na Gaillimhe.

 

Tá Patrick Mark Ó Fátharta agus Antoine Ó Gríofa ar phainéal Mionúir na Gaillimhe.

 

Bhí bua bhreá ag peileadóirí Faoi 21 na Gaillimhe i gcoinne Liatroimh i gCluiche Chraobh Chonnachta i mBéal Átha na Slua leis an scór 3-20 in aghaidh 0-6. Bhí cluiche maith ag Fiachra Breathnach sa líne leathchúl.

 

Bhuaigh Éanna Ó Catháin bonn airgid sa chomórtas Shot Putt Faoi 17 i gCraobh na hÉireann faoi dhíon in Aonach, Co. Tiobrad Árann. Bhí Ciarán Bairéad ag rith i rás trasna tíre i gCraobh na hÉirinn i mBaile Átha Cliath.

 

Bhí Ferdia Breathnach ar fhoireann Freshers Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a bhuaigh Craobh B na hÉireann.

 

Bhí Ciarán Bairéad ag imirt sa líne leathchúl ar dheis ar fhoireann Gairmscoileanna na Gaillimhe a chlis orthu i gcluiche leathcheannais na hÉireann i gcoinne An Mhí, 2-11 le 2-10, i bPáirc an Phiarsaigh, Longfoirt. Fuair leads na Mí cúl leis an chic deireadh den cluiche, in am breise.