Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

TORTHAÍ - 2011

line decor
 
 
 
 

 

Cliceáil ar cheann de na roghanna thall ar chlé chun torthaí na foirne sin a fheiceáil.

 

Tá foirne againn ag imirt sna grádanna seo: Sinsear, Sóisear A, Sóisear C, Faoi 21, Mionúir, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 12, Faoi 10 agus Faoi 8.

 

Foirne na mBan: Sóisear, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 13 agus Faoi 11

 

Seo liosta de na bainisteoirí foirne

 

Feabhra:

Bhuaigh foireann sinsear Diospóireachta Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua Craobh na hÉireann i bPortlaoise. Ar an fhoireann bhí Clíona Ní Mhógáin as Bóthar na Scrathóg, an captaen Orlaith Ní Mheachair as Cladhnach agus Niamh Ní Chonchubhair as An gCeathrú Rua. Theip ar an bhfoireann Sóisear sa gCraobh. Ar an fhoireann bhí Muireann Ní Fhátharta as Cuileáin, An Cheathrú Rua, Síofra Ní Shé as an gCeathrú Rua agus Rhianne Breathnach as Eanach Mheáin.

 

Theip ar an fhoireann Faoi 21 i gcluiche leathcheannais an Iarthair B i gcoinne Oileáin Árann, 1-8 le 2-9, ar Pháirc an Chnoic ar an Satharn, 20 Feabhra. Fuair siad an ceann is fearr ar Chumann Peile Naomh Pádraig, An Fhairche an tseachtain roimhe amuigh ar an bhFairche le 3-13 i gcoinne 1-3.

 

 

Márta:

Cuireadh tús leis an tséasúir nua peile don fhoireann Shinsir ar an Satharn, 26 Márta nuair a thug seaimpíní an chontae, Cill Fhir Iarann, cuairt ar na hOileáin don dara uair in achar ghairid. Bhí chluiche crua, cothrom ann agus scóráil Cormac Ó Confhaola an chéad scór don séasúr nua le cúilín tar éis trí nóiméad. Bhí Naomh Anna chun cinn ag leathama le cúilín amháin, 0-7 i gcoinne 0-6. Thóg sé tamall ar an fhoireann baile socrú síos sa dara tréimhse agus b'iad na cuairteoirí ab fhearr sa gcéad 20 nóiméad nuair a chuaigh siad chun cinn le 1-10 i gcoinne 0-9 ach tháinig an spiorad agus an díochas amach sa bhfoireann baile agus chríochnaigh an cluiche cothrom ar 1-12 an taobh nuair a scóráil Ferdia Breathnach cúl sa nóiméad deiridh den cluiche. Scóráil an sár-pheileadóir Pádraig Seoighe 6 chúilín do Chill Fhir Iarann. Bhí Fiachra Breathnach in easnamh ar an bhfoireann baile, mar a bhí Nicky Seoighe do na cuairteoirí.

 

Bhi bua mór ag an fhoireann Sóisear ar an Máimín i gcoinne Na Piarsaigh, Ros Muc ar an Domhnach deireadh de Mhárta nuair a fuair siad an ceann is fearr orthu le cheithre cúilín déag, 1-17 le 0-6. Níos luaithe sa lá fuair na Cailíní Faoi 16 an ceann is fearr go slachtmhar ar Chorafinne le 2-16 i gcoinne 0-3.

 

 

Aibreán:

Ní deireadh seachtaine maith a bhí sa gcéad deireadh seachtain den Aibreáin. Ar an Satharn, an dara lá, chuaigh an fhoireann Sinsear chun páirce i gcoinne Micheál Breathnach i réamhbhabhta de Chomórtas Peile na Gaeltachta ar Pháirc an Chnoic. Ní raibh na Breathnaigh s'againne, Fiachra agus Ferdia, ar fáil don cluiche. Fuair an fhoireann baile an ceann is fearr orainn le an farasbarr is lú, 2-12 le 1-16. Bhi bua mór ag Oileáin Árann ar an fhoireann Sóisear ar an Máimín sa gComórtas Peile ar an Domhnach, 3 Aibreán, le 1-5 i gcoinne 4-9.

 

D'imir an fhoireann Shinsir Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach istigh sa chathair ar an Domhnach, 17 Aibreán ar lá breá gréine. Chuir Naomh Anna tús uafásach leis an gcluiche seo agus bhí muid 1-8 chun deireadh tar éis 25 nóiméad agus gan scór ar bith curtha ar chlár na scór. Ach d'fheabhsaigh rudaí sna nóiméid deireadh den leath agus cuireadh dhá phointe thar an trasnán agus chaill muid trí sheans iontach eile chun an scór ag leathama a fhágáil ag 0-2 le 1-8. Bhí spiorad níos fearr le feiceáil sa bhfoireann sa dara leath agus bhuaigh muid an leath sin ar chlár na scór le 5 chúilín i gcoinne 4 chun an scór deireadh a fhágáil ag 0-7 le 1-12 i bhfábhar fir na cathrach. Chuaigh Naomh Anna chun páirce gan Ciarán Bairéad, Pádraig Mac an Rí agus Fiachra Breathnach de bharr gortuithe agus ní raibh Patsy Seoighe ar fáil. Go luath sa gcéad leath tharla gortú do bheirt eile, Éanna Ó Catháin agus Éamon Ó Loingsigh agus bhí orthu an pháirc a fhágáil. Mar sin, is dócha nach drochthoradh a bhí sa gcluiche seo mar gur dtug sé deis do roinnt imreoirí eile taithí a fháil ar pheil i Roinn 1A agus thosaigh Colm Mac Donnacha, Seán Breathnach agus Marcus Ó Fátharta a gcéad chluiche sraithe i mbliana.

 

Bhi dhá bhua iontach ag an fhoireann Sóisear A sa sraith an mhí seo. D'imir siad go hiontach ar an Máimín i gcoinne Naomh Séamus ar an Aoine, 15 Aibreán agus fuair siad an ceann is fearr orthur le 5 chúilín, 1-16 le 1-11. Thug imreoirí ar nós Toto Ó Gríofa agus Marcus Ó Fátharta taispeántais mhaith chun an fhoireann óg seo a threorú chun sprioc. D'imir siad as baile ar an lá deireadh den mhí i gcoinne Bhearna agus bhí siad i bhfad ró-mhaith don fhoireann baile agus chríochnaigh siad i bhfad chun cinn ar Bhearna leis an scór deireadh 1-21 le 0-6. Chuir an fhoireann Sóisear C tús lena séisiúr féin le cluiche sraithe thiar i Rinn Mhaoile ar an Domhnach, 17 Aibreán ach theip orthu le 3 chúilín, 1-6 le 1-9.

 

Maidir leis na foirne faoi aois chuir na Mionúir deireadh lena cluichí sa tsraith nuair a thug siad bua gan choibhlint don Clochán agus mar sin chríochnaigh siad ar bun an tábla agus iad follamh. Tá an fhoireann Faoi 16 in uachtar an tábla le 3 bua iontach as 3 chluiche. Bhuail siad Micheál Breathnach le 5 chúilín ag tús na míosa, 1-13 le 1-8 agus ansin fuair siad an ceann is fearr ar a gcairde as An gCeathrú Rua le 2 phointe, 1-11 le 2-6. Thug siad ardtaispeántas ina mbua ar fhoireann láidir as Bearna agus bhuaigh siad an cluiche sin le 8 bpointe, 4-15 le 2-13. D'imir siad i gComórtas Peile na Gaeltachta chomh maith agus fuair siad bua gan choibhlint ar Mhicheál Breathnach ach fuair Bearna díoltas orthu sa gcluiche leathcheannais nuair a fuair siad an ceann is fearr orainn le. Nil ag éirí romhaith leis an fhoireann Faoi 14 agus iad i gcoibhlint leis na foirne láidir i Roinn 1. Theip orthu sa trí chluiche sraithe an mhí seo ach tá súil againn go seasfaidh an taithí seo dóibh agus iad ag imirt sna grádanna eile amach anseo.

 

Chuaigh na Cailíní Faoi 16 go Tuaim ar an 10 Aibreán agus tháinig siad abhaile leis na pointí sraithe nuair a fuair siad an ceann is fearr ar fhoireann Tuaim-Seamróga Chortún leis an scór 3-7 i gcoinne 2-6. D'imir na Cailíní Faoi 12 trí chluiche sraithe agus bhuaigh siad i gcoinne An Cheathrú Rua agus i gcoinne Mhicheál Breathnach ach theip orthu i gcoinne Chill Ainín ach bhain siad áit amach i gcluiche ceannais an Chontae.

 

 

Bealtaine:

D'imir an fhoireann Shinsir sa bhaile i gcoinne ár gcomharsan Micheál Breathnach ar an Lá Saoire Bainc, 2 Bealtaine. Bhí na himreoirí ar fad ar ais ó ghortú seachas Éamon Ó Loingsigh. Cuireadh tús iontach leis an gcluiche seo agus bhíomar dhá chúl chun cinn tar éis dhá nóiméad imeartha nuair a scóráil Fiachra Breathnach agus David Mac Donnacha dhá chúl i imeacht dhá nóiméad. Go deimhin bhí an imirt thar barr ar fad sa gcéad ceathrú uaire agus muid 2-5 le 0-2 chun cinn ach mar a tharlaíonn i chuile chluiche, tagann an fhoireann eile ar ais san imirt agus ní raibh idir na foirne ag leathama ach an dá chúl sin, 2-7 le 0-7. Chuir Naomh Anna tús iontach leis an imirt sa dara leath freisin agus bhí 3 chúilín acu ar chlár na scór sula dtáinig Na Breathnaigh ar ais le cúl ach idir sin agus deireadh na himeartha, bhabhtáil siad scór le scór chun an scór a fhágáil ag 2-15 le 1-11 ag críoch an chluiche.

 

D'imir na Cailíní Faoi 12 i gcluiche ceannais an Chontae i gcoinne Bhéal Átha na Slua istigh i mBóthar na Trá ar an Lá Saoire Bainc. Bhí an chéad leath cothrom go maith idir an dá fhoireann ach scóráil cailíní oirthear na Gaillimhe roinnt cúil éasca sa dara tréimhse agus iad ag críochnú 10 pointe chun cinn sa deireadh, 1-12 le 6-7.

 

Comhgháirdeas le Foireann Faoi 21 na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann ar an gcéad lá den mhí lena mbua ar An Chabhán i bPáirc an Chrócaigh le 2-16 i gcoinne 1-9. Bhí Peadar Óg Ó Gríofa as Micheál Breathnach ar an bpainéa. Is mac é Peadar Óg le Peadar Ó Gríofa (Peter Pheadair) iar-imreoir agus iar-chathaoirleach an Chumainn seo.