Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

TORTHAÍ - 2013

line decor
 
 
 
 

 

Cliceáil ar cheann de na roghanna thall ar chlé chun torthaí na foirne sin a fheiceáil.

 

Tá foirne againn ag imirt sna grádanna seo: Sinsear, Sóisear A, Sóisear C, Faoi 21, Mionúir, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 12, Faoi 10 agus Faoi 8.

 

Foirne na mBan: Sóisear, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 13 agus Faoi 11

 

Seo liosta de na bainisteoirí foirne

 

Eanáir

Thosaigh Antaine Toto Ó Gríofa i lár na páirce ar fhoireann Sinsir na Gaillimhe i gcluiche sraithe FBD i dTuaim i gcoinne Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar an 6 Eanáir i dTuaim. Fuair Gaillimh an ceann is fearr ar na scoláirí leis an scór 0-16 le 0-6. An Domhnach ina dhiaidh sin, ars i dTuaim, thosaigh Toto sa gcluiche i gcoinne IT Shligigh. Arís bhí an bua ag Gaillimh, 0-16 le 1-5. Thíos tá foireann na Gaillimhe a thosaigh i gcoinne Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Foireann Sinsear na Gaillimhe, Eanáir 2013

Ina seasamh: Michael Meehan, Michael Martin, Paul Conroy, Niall Coleman, Gary Sice, Manus Breathnach, David Finnegan, John O'Brien, Toto Ó Gríofa

Chun tosaigh: Colin Forde, Gareth Bradshaw, Seán Denvir, Conor Costello, Danny Cummins, Donal O'Neill

 

 

Feabhra

Thosaigh an séasúr nua peile le cluiche craoibhe Faoi 21 A in Uachtar Ard i gcoinne an fhoireann baile. Lá fuar grianmhar a bhí ann, an pháirc bog tar éis báistí na seachtaine. Scóráil Aonghus Ó Fátharta an chéad scór den bliain peile nua le cúilín ó chic saor sa tríú nóiméad agus dhá nóiméad ina dhiaidh sin fuair Dónal Ó Ráighne an chéad cúl de 2013. Fuair Aonghus cúl eile agus bhí Naomh Anna i bhfad in uachtar ar feadh an chéad 20 nóiméad den leath. Ach ba é seo an chéad cluiche den tséasúr agus thosaigh na cos ag fáil trom agus tuirseach, rud a lig Uachtar Ard ar ais sa chluiche agus fuair siad dhá chúl díreach roimh leathama chun Naomh Anna a fhágáil chun cinn ag leathama le dhá phointe, 2-6 le 2-4. Bhí tús iontach ag leads na nOileán sa dara tréimhse agus fuair siad trí phointe luath go maith sa leath. Bhí an imirt ag dul suas agus síos na páirce i gcluiche idir dhá fhoireann a bhi cothrom go maith lena chéile. Chothrom Uachtar Ard rudaí le pointe agus an chluiche ag dul isteach in am breise, 2-11 an taobh ach thug cúilín iontach ó Aonghus Ó Fátharta an bua do Naomh Anna le 2-12 i gcoinne 2-11. Scóráil Aonghus Ó Fátharta 1-5, Dónal Ó Ráighne 1-1, Iarla Ó Curraoin 0-2, Tomás Ó Curraoin 0-2, Mikey Ó Súilleabháin 0-1 agus Colm Mac Donnacha 0-1.

 

Tháinig Sarah Ní Loingsigh isteach mar ionadaí ar fhoireann Shinsir Ban na Gaillimhe ina mbua sa tsraith thuas i bPáirc Breffni i gcoinne An Chabhán ar an Domhnach, 17 Feabhra. An scór deireadh Gaillimh 3-19 An Chabhán 1-11.

 

Márta

Lean an craobh Faoi 21 A ar aghaidh le cluiche eile i gcoinne Uachtar Ard ach ar Pháirc an Mháimín an uair seo. Leis an structúr nua sa Chraobh Faoi 21, tá córas an chúl doras i bhfeidhm. Tar éis do Naomh Anna an ceann is fearr a fháil ar Uachtar Ard sa gcéad cluiche, chuaigh Uachtar Ard isteach i gconne Maigh Cuilinn, foireann a theip orthu i gcoinne Naomh Micheál. Nuair a bhí na foirne réidh leis an gcúl doras, déanadh tarraingt eile agus arís tháinig an dá fhoireann seo amach as an hata le casadh le chéile. Mar a rinne sé sa gcéad cluiche scóráil Aonghus Ó Fátharta an chéad scór. Ní mórán a bhí idir na foirne sa gcéad ceathrú uaire ach nuair a fuair Uachtar Ard cúl, bhí ceannas iomlán acu ar a gcluiche a bhíodar chun cinn ag leathama le dhá phointe, 1-7 le 0-8. Bhí an dara leath chomh maith leis an gcéad leath agus ag tréimse amháin sa gcluiiche bhí Naomh Anna 5 chilín chun deireadh ach throid siad ar ais agus nuair fuair Tomás Ó Currraoin cúl bhí na foirne cothrom ar 1-13 an taobh. Chríochnaigh Naomh Anna níos fearr agus thug cúilíní ó Aonghus Ó Fátharta agus óIarla Ó Curraoin an bua do Naomh Anna le 1-15 i gcoinne 1-13 agus áit bainte amach acu sna cluichí leathcheannais. Scóráil Aonghus Ó Fátharta 0-7, Tomás Ó Curraoin 1-3, Iarla Ó Curraoin 0-4 agus Evan Ó Flatharta 0-1.

 

Thosaigh Antaine Toto Ó Gríofa i lár na páirce ar fhoireann Sinsir na Gaillimhe i gcluiche sraithe náisiúnta i dTuaim i gcoinne na hIarmhí ar an 3 Márta. Chríochnaigh na foirne cothrom leis an scór Gaillimh 0-13 le 1-10 don Iarmhí.

Tháinig Sarah Ní Loingsigh isteach mar ionadaí ar fhoireann Shinsir Ban na Gaillimhe ina mbua sa tsraith thuas i bPáirc Breffni i gcoinne An Chlár ar an Domhnach, 3 Márta. An scór deireadh Gaillimh 3-16 An Clár 0-4.

Thosaigh Antaine Toto Ó Gríofa i lár na páirce ar fhoireann Sinsir na Gaillimhe ina mbua ar Longfoirt i gcluiche sraithe náisiúnta i Longfoirt ar an 10 Márta. An scór - Gaillimh 3-11 le 3-7 don fhoireann baile. Thosaigh Toto i lár na páirce ar fhoireann Sinsir na Gaillimhe i gcluiche sraithe náisiúnta i bPortlaoise ar an 16 Márta nuair a fuair Co. Laoise an ceann is fearr orthu. An scór - Gaillimh 0-10 le 1-15 don fhoireann baile.

 

Aibreán

Thosaigh Antaine Toto Ó Gríofa i lár na páirce ar fhoireann Sinsir na Gaillimhe i gcluiche sraithe náisiúnta in Ard Mhaca ar an 7 Aibreán. An scór - Gaillimh 1-12 le 0-21 don fhoireann baile.

 

Bealtaine

D'imir Caoimhe Ní Laoi sa chúl do chailíní Mionúir na Gaillimhe ina mbua ar Mhaigh Eo i gcluiche ceannais Chonnacht i mBaile Chathail, Maigh Eo ar an 5ú Bealtaine. An scór - Gaillimh 4-16 le 0-16 don fhoireann baile. D'imir Síle Ní Shúilleabháin as Na Piarsaigh, Ros Muc sa líne lán-chúl ar dheis.

 

Bhuaigh Foireann Faoi 21 mná na Gaillimhe, le Sarah Ní Loingsigh agus Clíona Ní Cheallaigh, a gcluiche i gcoinne Maigh Eo ar an 18ú Bealtaine in Anach Cuain chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais Chonnacht.

 

Meitheamh

Bhuaigh Foireann Faoi 21 mná na Gaillimhe, le Sarah Ní Loingsigh agus Clíona Ní Cheallaigh, craobh Chonnacht lena mbua ar Ros Comáin, 2-15 le 2-12 i gcluiche ceannais Chonnacht i mBaile an Tobair, Ros Comáin ar an 1 Meitheamh. Fuair siad an ceann is fearr ar Laois, 5-9 le 2-12, i gcluiche leathcheannais na hÉireann ar an 9ú Meitheamh i mBiorra, Ua Fháilí. Chas siad le Corcaigh sa gcluiche ceannais ar an 16 Meitheamh in Eas Géitine, Luimneach ach theip orthu leis an scór deiridh Corcaigh 0-13 Gaillimh 0-11.

 

 

Iúil

D'imir Caoimhe Ní Laoi sa chúl do chailíní Mionúir na Gaillimhe ina mbua ar Chorcaigh i gcluiche leathcheannais na hÉireann ar an 20ú Iúil. An scór - Gaillimh 4-17 le 3-12 do Chorcaigh.

 

 

Lúnasa

D'imir Caoimhe Ní Laoi sa chúl do chailíní Mionúir na Gaillimhe i gcluiche ceannais na hÉireann i gcoinne Baile Átha Cliath ar an 5ú Lúnasa ar an Aonach i dTiobrad Árann. Chríochnaigh na foirne cothrom ar 3-10 an taobh. D'imir Ciana Ní Churraoin as Micheál Breathnach mar lántosach, áit ar scóráil sí 1-3. San athimirt ar an Mhuilinn Gearr ar an 15ú Lúnasa, fuair cailíní na Gaillimhe an ceann is fearr leis an scór - Gaillimh 3-13 le 2-14. Scóráil Ciana dhá chúilín agus tháinig Síle Ní Shúilleabháin as Na Piarsaigh, Ros Muc isteach sa dara leath de na cluichí.

 

 

Foireann Mionúir Cailíní na Gaillimhe, 2013

 

Foireann Mionúir Cailíní na Gaillimhe, 2013

 

 

Tony, Caoimhe agus Mary Ann Lee

Caoimhe Ní Laoi lena tuismitheoirí, Tony agus Mary Ann, tar éis cluiche ceannais mionúir na hÉireann sa Mhuilinn gCearr ar an 15 Lúnasa

 

Samhain

 

Comhghairdeas leis na buaiteoirí ag Oireachtas na Samhna 2013 i gCill Áirne

 

 
Gearóid Ó Droighneáin
Ríona Ní Fhlatharta
Micheál Seoighe
 
Uachtarán an Oirteachas, Bláthnáid Ó Brádaigh ag bronnadh Corn Damhsa ar an Sean-nós Faoi 12 ar Ghearóid Ó Droighneáin as Seanachomheas. Seo an 3ú bliain as a chéile ag Gearóid an comórtas seo a thabhairt abhaile

Ríona Ní Fhlatharta as An Trá Bháin -
buaiteoir Damhsa ar an Sean-nós 15-18 Bliain

Micheál Seoighe as Cruiminne
An dara áit Damhsa ar an Sean-nós Daoine Fásta

 

 

Comhghairdeas le Niamh Ní Chualáin as Cladhnach a bhuaigh Craobh Idirmheánach Dornálaíochta na hÉireann
sa 70Kg ar an Aoine, 29 Samhain. Bhuaigh sí an babhta i gcoinne Michaela Kavecanski as Corcaigh 118 le 110

 

 
Niamh Ní Chualáin
Niamh Ní Chualáin