Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

TORTHAÍ - 2010

line decor
 
 
 
 

 

Cliceáil ar cheann de na roghanna thall ar chlé chun torthaí na foirne sin a fheiceáil.

 

Tá foirne againn ag imirt sna grádanna seo: Sinsear, Sóisear A, Sóisear C, Faoi 21, Mionúir, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 12, Faoi 10 agus Faoi 8.

 

Foirne na mBan: Sóisear, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 13 agus Faoi 11

 

Seo liosta de na bainisteoirí foirne

 

Eanáir:

D'imir Eoin Ó Conghaile (cúlbáire), Fiachra Breathnach (líne leath-thosach láir) agus Antoine Ó Gríofa (fear ionad) i mbua Sinsir na Gaillimhe 0-11 le 0-5 i gcoinne Sligeach sa sraith FBD i dTuaim ar an Domhnach, 17 Eanáir. Scóráil Fiachra cúilín. D'imir Fiachra (líne leath-thosach láir) agus Toto (fear ionad) ina mbua 1-16 le 0-13 i gcoinne GMIT i Maigh Cuilinn. Scóráil Fiachra dhá chúilín.

 

Theip ar an fhoireann Idirmheánach i gCluiche leathcheannais Idirmheánach na hÉireann i gcoinne An Chorra Chriochach (Tír Eoghan) le 4 chúilín, 1-10 le 2-11. Scóráil Patrick Mark Ó Fátharta 0-6, Ciarán Bairéad 1-0, Ferdia Breathnach 0-2, Éamon Ó Loingsigh 0-1 agus David Mac Donnacha 0-1. Imríodh an cluiche ar Pháirc an Phiarsaigh i Longfort ar an Domhnach, 24 Eanáir, le Seán Ó Cearbhúil (Iarmhí) ag réiteoireacht. Roghnaíodh Eoin Ó Conghaile mar Réalt Spóirt na Seachtaine sa gCuradh Chonnachtach an tseachtain dár gcionn.

 

Bhuaigh Éanna Ó Catháin bonn óir sa Discus agus bonn airgid sa Shot sna Craobhacha Náisiúnta Sóisir faoi dhíon.

 

Bhuaigh foireann sinsear Diospóireachta Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua Craobh na hÉireann i bPortlaoise ar an 28 Eanáir. Ar an fhoireann bhí Gráinne Ní Lochlainn as An Tuairín, an captaen Orlaith Ní Mheachair as Cladhnach agus Christine Nic Dhonnacha as An Trá Bháin.

 

Feabhra:

D'imir Fiachra Breathnach (líne leath-thosach ar chlé) i mbua Sinsir na Gaillimhe 1-20 le 1-14 i gcoinne Muineacháin sa sraith Náisiúnta i bPáirc an Phiarsaigh ar an Domhnach, 14 Feabhra. Scóráil Fiachra dhá cúilín.

 

Bhuaigh seaimpíní Thír Eoghan, An Chorra Chriochach craobh idirmheánach na hÉireann lena mbua ar An Spá as Ciarraí le dhá chúilín, 1-7 le 0-8.

 

Theip ar an fhoireann Faoi 21 i gcluiche ceathrú ceannais an Iarthair A i gcoinne Chill Ainín ar an Máimín ar an Satharn, 20 Feabhra. Bhí na foirne cothrom tar éis uair a' chloig, 1-13 le 2-10. Fuair Cill Ainín cúl an-bhog ag tús am breise agus chinn ar na leads theacht ar ais ón mbuille sin agus bhíodar dhá chúilín chun deireadh nuair a séideadh an fheadóg deireadh. An scór, Naomh Anna 1-18, Cill Ainín 3-14. Scóráil Patrick Mark Ó Fátharta 16 cúilín sa gcluiche, éacht iontach.

 

D'imir Eoin Ó Conghaile sa chúl do Sinsir na Gaillimhe i gcluiche ceannais an FBD i gcoinne Maigh Eo i gCaisleán an Bharraigh ar an Domhnach, 21 Feabhra. Bhí an bua ag Maigh Eo le 3 chúilín, 0-12 le 0-9.

 

Márta:

D'imir Eoin Ó Conghaile sa chúl do Sinsir na Gaillimhe i gcluiche sa tsraith náisiúnta i gcoinne Corcaigh faoi shoilse i bPáirc Uí Riain ar an Satharn, 6 Márta. Bhí an bua ag Corcaigh le 2 chúilín, 1-19 le 1-17, cluiche a bhí le feiceáil beo ar Setanta. Bhí Eoin sa chúl arís an tseachtain ina dhiaidh sin, Dé Domhnaigh 14 Márta, nuair a theip ar Ghaillimh i gcoinne Ciarraí ar Pháirc an Phiarsaigh le 1-9 i gcoinne 2-16. Tháinig Fiachra Breathnach isteach mar fhear ionad agus scóráil sé pointe. D'imir Eoin (cúlbáire) agus Fiachra (líne leath-thosach láir) i mbua Sinsir na Gaillimhe 1-15 le 0-14 i gcoinne Thír Eoghan i dTuaim ar an Domhnach, 21 Márta. D'imir Eoin (cúlbáire) agus Fiachra (líne leath-thosach láir) i mbua Sinsir na Gaillimhe 1-14 le 0-14 i gcoinne Baile Átha Cliath i Páirc Pharnell ar an Domhnach, 28 Márta. Scóráil Fiachra cúl na Gaillimhe.

 

Theip ar fhoireann Faoi 21 na Gaillimhe i gcluiche leathcheannais Faoi 21 Chonnacht i gcoinne Sligeach le cúilin amháin, 0-12 le 0-13 tar éis am breise, i dTuaim ar Lá Fhéile Pádraig. Bhí na foirne cothrom ag deireadh na huaire le 0-10 an taobh. D'imir Patrick Mark Ó Fátharta agus Antoine Ó Gríofa mar fhir ionad. Scóráil Patrick Mark pointe san am breise.

 

Aibreán:

Bhí an-lá ag an bhfoireann Faoi 12 ar Lá na Gaeltachtaí i bPáirc an Chrócaigh ar an Aoine, 9 Aibreán.

 

D'imir Eoin (cúlbáire) agus Fiachra (líne leath-thosach láir) nuair a theip ar Shinsir na Gaillimhe 1-12 le 2-13 sa tsraith náisiúnta i gcoinne Doire i bPáirc an Phiarsaigh ar an Domhnach, 11 Aibreán.

 

D'imir Niamh Ní Chualáin i lár na páirce ar fhoireann Faoi 14 na Gaillimhe i gcoinne Maigh Eo i gCraobh Chonnacht ar an Domhnach 11 Aibreán. Bhuaigh Gaillimh go héasca le 4-23 i gcoinne 1-3. Scóráil Niamh 1-2.

 

Bhuaigh cailíní Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua Craobh Shinsir C Chonnacht nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Bhéal Átha hAmhnais i mBaile Chláir na Gaillimhe leis an scór 3-8 le 0-6. Scóráil Eimear Ní Dhomhnaill 2 chúl agus is í Orla Nic Dhonnacha a fuair an cúl eile. Roghnaíodh Cliodhna Ní Cheallaigh mar Laoch na himeartha.

 

Bealtaine:

D'imir Eoin Ó Conghaile (cúlbáire) agus Fiachra Breathnach (líne leath-thosach láir) ar Shinsir na Gaillimhe a bhuaigh ar Nua Eabhrach 2-13 le 0-12 i gCraobh Chonnacht i bPáirc na nGael, Nua Eabhrach ar an Domhnach, 2 Bealtaine.

 

D'imir Caoimhe Ní Laoi agus Mairéad Ní Loingsigh ar fhoireann Faoi 16 na Gaillimhe a bhuaigh ar Mhaigh Eo agus ar Sligeach i gCraobh Chonnacht.

 

Bhuaigh Sarah Ní Loingsigh agus Cliodhna Ní Cheallaigh agus foireann Mionúir na Gaillimhe Craobh Chonnacht lena mbua ar Mhaigh Eo i mBalla ar an Domhnach, 23 Bealtaine. An scór deireadh Gaillimh 3-17 Maigh Eo 2-12. Gaillimh: L Murphy; S Divilly, Sarah Ní Loingsigh, N Ryan; A Reilly, A Rohan, C Cooney; T Mullins, D Gorman (2-3); T Hession (R Leonard 43m 0-1), N Leonard (0-3), A Donnelly (N Kilgarriff 20m 0-1); M Burke (0-3), D Brennan (1-2), E Gannon (0-4).

 

Bhain Niamh Ní Chualáin agus foireann Faoi 14 na Gaillimhe áit amach i gcluiche ceannais na hÉireann lena mbua ar Chorcaigh ar an Domhnach, 30 Bealtaine. An scór deireadh Gaillimh 2-8 Corcaigh 1-9

 

Meitheamh:

D'imir foireann na mBan i gcluiche leathcheannais Comórtas Peile na Gaeltachta i gcoinne Gleann Fhinne as Tír Chonaill i mBéal an Mhuirthid ar deireadh seachtaine na cincíse.

 

Tar éis dóibh an cluiche ceannais a chailleadh le trí bliana anuas, d’éirí le cailíní na Gaillimhe Craobh na hÉireann a thabhairt leo lena mbua iontach ar Bhaile Átha Cliath i gCill Tuama, Ros Comáin ar an Satharn, 12 Meitheamh.  B’iad cailíní an príomhchathair is fearr a thosaigh agus bhíodar 1-3 le 0-1 chun deireadh nuair a d’éirí leo dhá chúl a scóráil taobh istigh de nóiméad. Scóráil Katie Carter an chéad ceann agus fuair cailín óg Chois Fharraige, Ciana Ní Churraoin an dara cúl.  Bhí Gaillimh cúilín amháin chun cinn ag leathama, 2-4 le 1-6.  Tháinig Niamh Ní Chualáin chun páirce 10 nóiméad isteach sa dara tréimhse.  Fuair Aoibhinn Joyce agus Kelly Malone dhá chúl eile do Ghaillimh sa dara leath sin ach tháinig Baile Átha Cliath ar ais go láidir sna nóiméid deireadh chun an bearna is lú a fhágáil idir na foirne nuair a bhí an fheadóg deireadh séidte ag an réiteoir.


Bhí Eoin Ó Conghaile agus Fiachra Breathnach ar phainéal Sinsir na Gaillimhe a chríochnaigh comthrom le Sligeach 1-10 an taobh i gcluiche leathcheannais Craobh Chonnacht i bPáirc an Phiarsaigh ar an Domhnach, 27 Meitheamh. D'imir Colm Mac Donnacha sa líne lán chúl ar chlé ar fhoireann Mionúir na Gaillimhe i gcluiche leathcheannais Craobh Chonnacht a bhuaigh ar Sligeach. An scór deireadh Gaillimh 0-13 Sligeach 0-9. Bhí sár-chluiche ag Colm agus fuair sé ardmholadh ó bhainisteoir na Gaillimhe, Gearóid Ó Fathaigh agus ó iar-chaptaen na Gaillimhe Ray Ó Síoda tar éis an cluiche.

 

 

Iúil:

Bhí Eoin Ó Conghaile agus Fiachra Breathnach ar phainéal Sinsir na Gaillimhe a chlis orthu i gcluiche athimeartha i gcoinne Sligeach, 1-14 le 0-16, i bPáirc Markievicz, Sligeach ar an Domhnach, 4 Iúil.

 

Bhuaigh na cailíní Faoi 12 Sraith D an Chontae nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chealltrach ar Pháirc Thír Oileán i nGaillimh le 5-5 i gcoinne 2-4. Scóráil Annabel Ní Chonghaile agus Ríona Ní Fhlatharta 2 chúl an duine agus is í Caoimhe Ní Cheallaigh a fuair an ceann eile.

D'imir Fiachra Breathnach ar líne leaththosach na Gaillimhe sa gcluiche cáilithe i gcoinne Loch Garmáin i bPáirc an Phiarsaigh ar an Satharn, 10 Iúil. Bhuaigh Loch Garmáin 1-11 le 0-13.

 

Bhain Cailíní Mionúir na Gaillimhe áit amach i gcluiche ceannais na hÉireann nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chorcaigh sa gcluiche leathcheannais i Luimneach ar an Satharn, 10 Iúil leis an scór 4-9 le 4-7. Casfaidh siad ar Thír Chonaill sa gcluiche ceannais ar an Satharn, 24 Iúil. Is í Sarah Ní Loingsigh captaen na foirne agus tá Cliodhna Ní Cheallaigh ar an bpainéal chomh maith.

 

Theip ar Cailíní Faoi 16 na Gaillimhe i gcluiche ceannais Craobh Chonnacht i gcoinne Sligeach sa Dún Mhóir ar an Aoine, 16 Iúil leis an scór 2-8 le 0-8. D'imir Caoimhe Ní Laoi as Leitir Mealláin sa chúl agus shábháil sí cic pianóis. D'imir Mairéad Ní Loingsigh as Béal a' Daingin sa líne leaththosach.

 

Theip ar fhoireann Mionúir na Gaillimhe i gcluiche ceannais Craobh Chonnacht i gCaisleáin an Bharraigh ar an Domhnach, 18 Iúil. An scór deiridh ansin Maigh Eó 3-9 Gaillimh 1-10. Ní raibh Colm Mac Donnacha in ann dul chun páirce de bharr gortú glúine. Imreoidh Gaillimh i gcoinne Longfoirt i gcluiche ceathrúceannais na hÉireann anois.

 

Comhghairdeas leis Sarah Ní Loingsigh, le Cliodhna Ní Cheallaigh agus le foireann Faoi 18 na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann lena mbua ar Dhún na nGall i mBéal an Átha Mhóir, Co. Liatroim ar an Satharn, 24 Iúil. An scór deireadh Gaillimh 1-15 Dún na nGall 1-11. Ba í Sarah captaen na foirne.

 

Sarah, Cóil agus Cliodhna

Captaen foireann Mionúir na Gaillimhe, Sarah Ní Loingsigh agus Cliodhna Ní Cheallaigh le Cóil Ó Ceallaigh sa Spórtlann nuair a thug Sarah Craobh na hÉireann abhaile ar an Satharn, 24 Iúil

 

Bhuaigh an fhoireann Faoi 14 Craobh an Chontae Roinn 2 nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Bhaile Locha Ríoch i bPáirc an Phiarsaigh ar an Aoine, 23 Iúil. An scór deireadh Naomh Anna 0-15 Baile Locha Ríoch 3-5.

 

 

Lúnasa:

Theip ar fhoireann Mionúir na Gaillimhe i gcluiche leathcheannais na hÉireann i gcoinne Corcaigh i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach, 29 Lúnasa. An scór deiridh ansin Corcaigh 3-15 Gaillimh 5-8. D'imir Colm Mac Donnacha sa líne lánchúl ar dheis. Scóráil Peadar Óg Ó Gríofa, mac le Peter Pheadair, dhá chúl agus cúilín.

 

Deireadh Fómhair :

Bhí Comórtas Tallaine sa Spórtlann ar an Aoine, 22 Deireadh Fómhair.
Buaiteoirí Comórtas na nDaoine Fásta: An chéad áit €500: Stiofán Óg Ó Cualáin (Baile na Cille) agus Micheál Ó Feinneadha (Leitir Caladh)
Sa dara áit €250: Roinnte idir Clann Uí Dhubháin (Colm, Gearóid agus Pádraig) An Aird Mhóir, Carna agus Sarah Uí Ghriallais (Muiceannach)

Buaiteoirí na hÓgánaigh Faoi 18: An chéad áit €100 agus Corn:

Buaiteoirí Faoi 18
Seán Óg Ó Flatharta (Leitir Móir), Ruadhán Ó Flatharta (An Trá Bháin, Bertie agus Micheál Ó Domhnaill (Tír an Fhia),
Plunkett Ó Tuathail (Leitir Móir) agus Ríona Ní Fhlatharta (An Trá Bháin)
Sa dara áit €50: Caroline agus Chloe Ní Chonaire (Seanachomheas)

Comhghairdeas le Ciarán Ó Gríofa a bhuaigh Craobh Faoi 21 na hÉireann sa dornálaíocht 91kg ar an Satharn, 23 Deireadh Fómhair. Fuair sé an ceann is fearr ar Phatric Ward as Gaillimh leis an scór 5-2.

‘Sparáil sa Spórtlann’

Nóra, Philly & Edel

D'eagraigh Cumann Peile Naomh Anna i gcomhar le Spórtlann Naomh Anna, Leitir Móir oíche ‘White Collar Boxing’ sa Spórtlann ar an Satharn 23 Deireadh Fómhair ...... léigh tuilleadh faoi White Collar Boxing anseo

Bhí an-oíche go deo ann. Ar chlé tá Nóra Ní Ógáin, Philomena Ní Fhlatharta agus Edel de Paor