Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

TORTHAÍ - 2004

line decor
 
 
 
 

 

Cliceáil ar cheann de na roghanna thall ar chlé chun torthaí na foirne sin a fheiceáil.

 

Bhí foirne againn ag imirt sna grádanna seo: Idirmheánach, Sóisear A, Sóisear C, Faoi 21, Mionúir, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 12, Faoi 10 agus Faoi 8.

 

Foirne na mBan: Sóisear agus Faoi 14.

 

Bhuaigh an fhoireann Faoi 16 Comórtas Peile na Gaeltachta i Ros Muc.

 

Níor éirí le Coláiste Naomh Iarlaithe, Tuam ina gcluiche leathcheannais craoibhe Chonnachta i gcoinne Coláíste Mhuire ar Pháirc an Chnoic, Indreabháin ar an Domhnach, 29 Feabhra. Bhí Fiachra Breathnach ina chaptaen ar an fhoireann sinsir Naomh Iarlaithe i mbliana agus is é an scóráil an cúl dóibh sa gcéad leath ach theip orthu ar deireadh le cheithre phointe, Naomh Muire 1-13   Naomh Iarlaithe 1-9.

 

Comhghairdeas le FIACHRA BREATHNACH as Tír an Fhia as ucht an bua breá a bhí aige le foireann Faoi 17 
na hÉireann i gcoinne na hAstráile thíos san Astráil san Aibreáin seo caite. 

 

Comhghairdeas le Muiris Ó Loingsigh, le Ferdia Breathnach agus le Gearóid Ó Flatharta a bhí ar fhoireann Ceárdscoileanna na Gaillimhe a bhuaigh ar Muigh Eo i gcluiche ceannais Chonnachta le gairid, 5-8 i gcoinne 1-4.