Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

SPÓRTLANN MHICHAEL MHÓIR

line decor
 
 
 
 

An Spórtlann

Pictiúr den Spórtlann a rinne Bernadette Ní Chonghaile (iníon le Séamus Mhaggie). Bhronn sí an pictiúr ar Mhichaelín Mhichael Mór.

Tar éis do Chumann Peile Naomh Anna Leitir Móir, Comórtas Peile na Gaeltachta a reáchtáil in 2002, b’ábhar mórtais agus bróid é do gach duine a raibh baint acu leis an ócáid, chomh maith agus a d’éirigh leis an deireadh seachtaine.  Thug sé spreagadh agus misneach do choiste agus do bhaill an Chumainn.  Thug siad faoi deara an tionchar a bhí ag an ócáid ar an gceantar uile.  Thuig an Cumann Peile i gcónaí an tábhacht a bhí le peil sa cheantar.  Thuig sé níos mó ná riamh tar éis an chomórtais an riachtanas a bhí le roghanna eile caithimh aimsire. As sin a tháinig an bhrionglóid ‘Spórtlann Chumann Peile Naomh Anna’.

Cuireadh meastachán €1,500,000 ar an bhfoirgneamh a thógáil i dtús na bliana 2004.  Fuair an Cumann Peile deontas €1,200,000 ón Aire Éamon Ó Cuív agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.  Chuir an tAire agus a Roinn €527,000 airgead breise leis sin chun an foirgneamh a chríochnú agus a fheistiú amach.Thug an cioste faoi feachtas bailiúcháin agus bhí dhá chrannchur ann. Fuair an Cumann Peile $100,000 ón iarpheileadóir, Michael Mhichael Mhóir agus b’iontach an chabhair é sin don Chumann. D'iarr Michael go n-aimneofaí an Spórtlann i gcuimhne a athar, Michael Mór Ó Conghaile, duine de bhunaitheoirí an Chumann. Bhí an Coiste sásta é sin a dhéanamh agus d'oscail Spórtlann Mhichael Mhóir ar an Satharn, 9 Meitheamh 2007.

Tá Halla Spóirt, Giomnáisiam, Seomra Caidrimh don Óige, Seomra Gaile/Sauna agus oifigí sa bhfoirgneamh den scoth seo. Glaoigh ar an Spórtlann ag 091-551961.