| Tar éis do Chumann Peile Naomh Anna Leitir  Móir, Comórtas Peile na Gaeltachta a reáchtáil in 2002, b’ábhar mórtais agus  bróid é do gach duine a raibh baint acu leis an ócáid, chomh maith agus a  d’éirigh leis an deireadh seachtaine.   Thug sé spreagadh agus misneach do choiste agus do bhaill an Chumainn.  Thug siad faoi deara an tionchar a bhí ag an  ócáid ar an gceantar uile.  Thuig an  Cumann Peile i gcónaí an tábhacht a bhí le peil sa cheantar.  Thuig sé  níos mó ná riamh tar éis an chomórtais an riachtanas a bhí le roghanna eile  caithimh aimsire. As sin a tháinig an bhrionglóid ‘Spórtlann Chumann Peile  Naomh Anna’. Go gairid ina dhiaidh sin cuireadh ar chlár imeachtaí an Chumainn, Ionad  Spóirt a thógáil ag Páirc an Mháimín.   Pléadh roghanna éagsúla.   Fostaíodh Conor Hayes Consulting Engineers/Martin Buckley &  Associates agus aontaíodh ar fhoirgneamh ina mbeadh Halla Spóirt, Giomnáisiam,  Seomra Cluichí, Seomra Gaile/Sauna agus riachtanais eile.  Chuir an Cumann Peile na pleananna os comhair  an phobail agus bhí siad an-tógtha leo.   Ní bheadh gá níos mó bheith ag déanamh aistear fada chun do rogha spóirt  a chleachtadh. Fuarthas an cead pleanála agus an teastas slándála  tine a bhí riachtanach agus cuireadh meastachán €1,500,000 ar an bhfoirgneamh a  thógáil i dtús na bliana 2004.  Fuair an Cumann Peile deontas  €1,200,000 ón Aire Éamon Ó Cuív  agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe  agus Gaeltachta .  Chuir an tAire agus a  Roinn €527,000 airgead breise leis sin chun an foirgneamh a chríochnú agus a  fheistiú amach.  Bhí ar an gCumann Peile  a sciar féin den airgead a bhailiú agus rinneadh é trí dhá chrannchur áitiúla a  reáchtáil.  Rinneadh brabach €139,000 ar  an dá chrannchur le chéile.  De bharr  obair bhreise, boilsciú tógála agus go speisialta costas trealamh nach raibh san áireamh i dtús ama,  d’ardaigh an costas iomlán go €2,100,000 faoin mbliain 2006.  Úsáideadh airgead Lotto an Chumainn freisin  chun an foirgneamh a thógáil.  Fuair an  Cumann Peile $100,000 ón iarpheileadóir, Michael Mhichael Mhóir agus b’iontach  an chabhair é sin don Chumann. Fochoiste TógálaRinne an Cumann Peile cinneadh ansin an foirgneamh a thógáil é féin, seachas an obair a thabhairt do chonraitheoir.  Roghnaíodh an fochoiste tógála seo a leanas  chun breathnú i ndiaidh na hoibre tógála: Pádraig Ó Conghaile (Cathaoirleach),  Stiofán Ó Flatharta (Rúnaí), Máirtín Breathnach, Cóil Ó Ceallaigh, Pádraig Ó  hEidhin & Seosamh Ó Flatharta.   Fostaíodh Cóilín Ó hÓgáin as an Trá Bháin le bheith mar shaoiste ar an  tógáil agus thosaigh an obair ar an suíomh ar an 11 Aibreán 2005.  Tríd an bhfochoiste, rinneadh léaráidí agus fuarthas  praghsanna ar gach gné den obair.  Lean  an obair ar aghaidh go hiontach sásúil faoi na fochoistí éagsúla agus príomhchoiste  an Chumainn.
 Fochoiste AirgidChun cúrsaí airgid a láimhseáil, roghnaíodh an  fochoiste seo a leanas, Cáit Mhic Dhonncha, Gearóid Ó Cualáin, Pádraig Ó  Conghaile, Sibéal Bhreathnach, Micheál Ó Súilleabháin, Sarah Uí Chéide, Dennis  Mac Uidhir, Colm a’ Doirín Mac Donncha, Tomás Ó Flatharta, Cóil Ó Ceallaigh  & Tony Ó Laoi.  Rinne an fochoiste  seo obair mhór ó thaobh reáchtáil na gcrannchur.
 Fochoiste Riaracháin  & BainistíochtaIs iad seo leanas na daoine atá ar  an bhfochoiste seo chun cúrsaí riaracháin agus bainistiú an Ionaid a láimhseáil  - Máirtín Ó Conghaile, Cáit Mhic Dhonncha, Bríd Nic Dhonncha, Michael Bharry Ó  Flatharta, Philomena Ní Fhlatharta, Gearóid Ó Cualáin & Máirtín Ó  Meachair.  Rinne an fochoiste seo cuid  mhaith taighde ar reáchtáil Ionaid Spóirt sa chontae agus taobh amuigh den  chontae agus tháinig siad ar aghaidh le plean riaracháin agus bainistíochta.
 Na Scéimeanna S.F.P.  & S.S.T.Baineadh leas maith as na scéimeanna  fostaíochta áitiúla a bhí á reáchtáil sa cheantar faoi scáth Mhuintearas na  nOileán agus Chomhairle Ceantar na nOileán.   Bhí na daoine seo a leanas ag obair ar an bhfoirgneamh agus obair suímh  faoi scáth na Scéime Sóisialta Tuaithe agus faoi shaoistíocht Shéamuis Uí  Ráinne: Cóilín Phaeitín Ó Conghaile, Máirtín Breathnach, Cóil Ó Standúin,  Beartla Mac an Rí, Máirtín Mhichael Ó Lochlainn, Páraic Pháraic Neidín Mac  Donncha, Liam Willie Ó Máille, Máirtín Ó Briain, Seán Ó Ráinne, Seosamh Ó  Cuanaigh, Seosamh Ó Conghaile, Colm MacDonncha, Colm Ó Ceallaigh & Tomás Ó  Cualáin.
 D’oibrigh Síle Mhic Dhonnchadha, Cóilín John Bhaibín  Seoige & Máirtín Ellie Ó Flatharta ar an bhfoirgneamh faoi scáth  Mhuintearas na nOileán agus Helen Uí Dhunáird.   D’oibrigh Colm Ó Conghaile, Cóil Phat Mhyle, Ciarán Ó Flatharta, Ferdia  Breathnach, Seán Ó Tuathail agus Máirtín Ó Loingsigh ar an Ionad chomh maith.  Na FochonraitheoiríIs iad seo leanas na fochonraitheoirí  a bhí ar an suíomh i rith na hoibre tógála: Johnny Lee & Kevin O Hara -  Innealra. Ryan St. Steel, Western Décor (Peadar Peircín / Daithí Mac Donncha)  Rowland Roofing, Blocadóirí - Páraic Mac an Rí agus a chriú (Nicky Ó Curraoin,  Ciarán Ó Maoilchiaráin, Máirtín Mac an Rí, PJ Ó Conghaile, Breandán Ó  Loingsigh, Antoine Ó Gríofa.), Concept Scaffolding, Brandon Agencies, Season  Masters, Pláistéirí Flacor, Oran Precast, Urláir agus obair  éagsúil – Johnny Lee, John Chóilín Saile & Síomón Ó Curraoin.  Meicneoir - Páraic Mac Cluscaí, Leictreoir -  Quick Electrical, Hi-Tech, Michael Cawe, Pat Larkin - Tíleáil, M. J. Burke,  A.A.S.L. Acoustics, Aaran Lifts, Siúinéirí -Páraic Ó Ceallaigh, Páraic Ó  hEidhin & Tomás Ó Gríofa,  Wogan  Flooring, Galway Stainless Steel, Bord na Móna, Pura-Flo- An Córas Eisilteach,  Ken Carr, Croke Concrete, Nightguard, Sign Here, R.M.S.- Marcáil línte.
 SoláthraitheSeo  a leanas an dream a chuir trealamh agus soláthar ar fáil don fhoirgneamh.  Nioclás Ó Conchubhair, Ican Technology, Hole Master, Highway Testing Lab.,  Barna Waste, James Mc Donagh, Ivors, Carlow Precast Tanks Ltd., Morenet, Marcus  Ó Conghaile, Architectural Hardware Ltd., Comhlacht Adhmad Teo., Casla, Pádraic  Mac Donncha, Trade Kitchens, Lackagh Group, Caulfield Ind. Ltd., Glynns  Hardware, Western Hygiene Supplies Ltd., Michael Long Haulage, Mc Donagh DIY  & Building Supplies, Statoil, Ballydangan Agri-Supplies Ltd., Tigh  Phlunkett, Pádraic Folan Engineering, Anchor Safety, Mac Rental, Joe Burke  Consulting Eng. Ltd., Tripart Ltd., Seala Teo., E.S.B. Networks, Agatha  Mitchell Ltd., O’Higgins Homevalue, Oliver Cunningham Paint Rite Ltd., CPH  Plant Hire, Sam Hire, Socos Teo., Seán Lydon, Eircom, Gaelic Telecom, Comhairle  Contae na Gaillimhe, Physique Ireland, Corrib Fire Security,  Patrick Reaney / Ken Carr (Córas Fuaime)  agus Douglas Clancy SP Sports.
 Ba mhaith leis an gCumann Peile aitheantas a  thabhairt d’oifigigh agus do choistí an Chumainn a d’oibrigh agus a threoraigh  cúrsaí i rith obair thógála an Ionaid. Coiste 2005Tomás Mac Eochagáin (Uachtarán) Máirtín Ó  Conghaile (Cathaoirleach), Ciarán Ó Fátharta (Leas-Chathaoirleach), Cáit Mhic  Dhonnacha (Cisteoir), Gerry Stiofáin Ó Cualáin (Leas-Chisteoir), Máirtín Ó  Meachair (Rúnaí), Pádraig Ó Ráighne (Rúnaí Cúnta & O.C.P.)
 Coiste GnóPhilomena Ní Fhlatharta, Cóilín Phaitín Ó  Conghaile, Máirtín Breathnach, Seán Ó Murchú, Colm a’ Doirín Mac Donncha,  Stiofán Ó Flatharta, Cóil Ó Ceallaigh, Dennis Mac Uidhir, Pádraig Ó Conghaile,  Tony Ó Laoi, Áine Uí Mháille, Pádraig Ó hEidhin, Sarah Uí Chéide, Seosamh Ó  Flatharta.
 Coiste 2006Tomás Mac Eochagáin (Uachtarán), Michael Tom Ó  Cualáin (Leas-Uachtarán), Máirtín Ó Conghaile (Cathaoirleach), Sarah Uí Chéide  (Leas-Chathaoirleach), Máirtín Ó Meachair (Rúnaí), Pádraig Ó Ráighne (Leas-Rúnaí  & O.C.P.), Cáit Mhic Dhonnacha (Cisteoir), Gerry Stiofáin Ó Cualáin (Leas-Chisteoir),  Patrick Stephen Ó Flatharta  (Oifigeach Óige), Michael Bharry Ó Flatharta (Oifigeach Gaeilge), Tony Ó Laoi  (Oifigeach Oiliúna).
 An Coiste GnóPhilomena Ní Fhlatharta, Cóilín Phaitín Ó  Conghaile, Máirtín Breathnach, Colm a’ Doirín Mac Donncha, Stiofán Ó Flatharta,  Cóil Ó Ceallaigh, Dennis Mac Uidhir, Pádraig Ó Conghaile, Áine Uí Mháille,  Pádraig Ó hEidhin, Peadar Ó Súilleabháin, Bríd Nic Dhonncha, & Ciarán Ó  Fátharta.
 Coiste 2007Tomás Mac Eochagáin (Uachtarán), Michael Tom Ó  Cualáin (Leas-Uachtarán), Máirtín Ó Conghaile (Cathaoirleach), Sarah Uí Chéide  (Leas-Chathaoirleach), Máirtín Ó Meachair (Rúnaí), Pádraig Ó Ráighne (Leas-Rúnaí  & O.C.P.), Gerry Stiofáin Ó Cualáin (Cisteoir), Bríd Nic Dhonncha  (Leas-Chisteoir), Michael Bharry Ó Flatharta (O.C.P. & Oifigeach Gaeilge), Patrick Stephen Ó Flatharta (Oifigeach Óige),  Philomena Ní Fhlatharta & Cóil Ó Ceallaigh (Oifigigh Oiliúna).
 An Coiste GnóCóilín Phaitín Ó Conghaile, Máirtín Breathnach,  Colm a’ Doirín Mac Donncha, Stiofán Ó Flatharta, Sibéal Bhreathnach, Pádraig Ó  Conghaile, Áine Uí Mháille, Pádraig Ó hEidhin, Joe Thomas Ó Flatharta, Cáit  Mhic Dhonncha, Peadar Ó Súilleabháin & Tony Ó Laoi.
 Tá an tIonad ainmnithe in onóir Mhichael Mhóir  Ó Conghaile.  Tá ár mbuíochas ag dul do  na ceannródaithe uile a d’fhág an oidhreacht againn nuair a bunaíodh an Cumann  Peile i 1964.  Tá muid mar ghrúpa ag cur  leis an oidhreacht sin agus muid ag oscailt an Ionaid seo go hoifigiúil ar an 9 Meitheamh 2007.   |