Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTA

line decor
 
 
 
 

 

Tá stair láidir ag an gCumann i gComórtas Peile na Gaeltachta ón tús. Bhí ceathrar imreoirí ón gCumann seo ag imirt ar fhoireann Chonamara a bhuaigh an Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta thuas i nGaoth Dobhair i 1970 nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Bhaile Mhuirne as Corcaigh sa gcluiche ceannais. An ceathrar a bhí i gceist ná Nioclás Ó Conchubhair sa gcúl, Michael Tom Ó Cualáin sa líne lán chúl ar dheis, Seáinín Mhichael Mhóir Ó Conghaile sa lár ar an líne leathchúl agus Conchubhair Ó Máille ar dheis ar an líne 40 slat.

D'imir muid sa gcomórtas náisiúnta don chéad uair nuair i 1975 thuas i nGaoth Dobhair. Ní raibh ach an grád amháin ag an am sin, Sinsear. B'fhoireann Sóisear muid agus i gcomórtas Chonamara na bliana sin, sa gcluiche leathcheannais fuair muid an ceann is fearr ar ár gcomharsan béil dorais, An Cheathrú Rua ar Pháirc an Chathánaigh le aon pointe amháin, 3-8 le 2-10. Fuair muid an ceann is fearr ar fhoireann láidir Sinsir as Maigh Cuilinn sa gcluiche ceannais ar Pháirc an Chathánaigh ar an 16 Bealtaine 1975, 1-11 le 2-6, chun Comórtas Chonamara a thabhairt linn don chéad uair. Tá cur síos ar an deireadh síos aran deireadh seachtaine sin anseo.

Bhuaigh muid Craobh Sinsear Conamara arís i 2001 le cáiliú don Comórtas Náisiúnta thíos i gceantar Uíbh Ráthach i gCiarraí a bhí á reáchtáil ag Cumann Piarsaigh na Dromada agus i 2008, le páirt a ghlacadh sa gComórtas Náisiúnta i nGleann Cholm Cille i Dún na nGall. Bhíomar i gcluiche ceannais an comórtas sinsir i 1993 i Rath Cairn ach bhuaigh Cloich Cheannfhaoile orainn le chúig phointe, 0-5 le 0-10. De bhrí go raibh Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta ar siúl i Ráth Chairn agus nach raibh foireann Sinsir ag Ráth Chairn, socraíodh roimh ré go dtiocfadh dhá fhoireann sinsir as Gaillimh le bheith páirteach sa gcomórtas sinsir.  Cé gur chaill muid an Cluiche Ceannais i nGaillimh i gcoinne Naomh Pádraic, An Fháirche, 1-6 le 0-10, cháiligh muid don Chomórtas Náisiúnta. Bhí an bua againn ar Naomh Abán, Baile Bhuirne 0-9 in aghaidh 0-8 sa gcluiche ceathrú ceannais agus ar Corca Dhuibhne as Ciarraí sa gcluiche leathcheannais, 1-9 le 1-7.

I ngrád na Sóisir, bhuaigh muid Craobh Chonamara 3 huaire, i 1981 nuair a fuair muid an ceann is fearr ar an gCeathrú Rua ar Pháirc an Mháimín, 0-10 le 0-4. Sa gcomórtas náisiúnta a bhí ar Pháirc an Chnoic, Indreabhán, fuair muid an ceann is fearr ar Rath Chairn na Mí sa gcluiche ceathrú ceannaism 2-10 le 2-5 ach theip orainn i gcoinne Bhaile na Sceilg as Ciarraí sa gcluiche leathcheannais, 1-7 le 2-9. An bhliain sin, bhí Naomh Ciarán ag imirt sa ngrád sinsir. I gcluiche Ceannais Peile Ghaeltacht na Gaillimhe a imríodh ar Pháirc na mBreathnaigh bhí an bua ag Naomh Ciarán ar Naomh Pádraic, an Fháirche leis an scór 3-8 in aghaidh 1-8. Bhuail Naomh Ciarán, Bearna sa gcluiche leathcheannais, 2-13 le 1-4. Thoir ar an gCnoc sa gcluiche Ceathrú Ceannais fuair siad an ceann is fearr ar Naomh Columba, Gleann Cholmcille as Tír Chonaill, 2-10 le 0-8 tar éis am breise nuair a chríochnaigh na foirne cothrom ag deiridh na huaire, Naomh Ciarán 0-8 Naomh Columba 1-5. Níor chuidigh an am breise linn agus muid ag réiteach do na cluichí leathcheannais Sóisir agus Sinsir ar an Domhnach mar gur imir deichniúir sa dá cluiche sin ar an Satharn. Fuair Naomh Ciarán an ceann is fearr ar Corca Dhuibhne sa gcluiche leathcheannais, 1-5 le 0-7. Bhí foireann Naomh Abán, Baile Bhuirne as Corcaigh níos aclaí sa gcluiche ceannais agus iad ag tabhairt leo an tríú craobh as a chéile, 1-4 le 1-9. Bhuaigh muid an comórtas Sóisir i gConamara arís i 1982, arís ag fáil an ceann is fearr ar an gCeathrú Rua sa gcluiche ceannais ach theip orainn sa gcluiche leathcheannaus i nGaoth Dobhair nuair a fuair na Connallaigh as Cloich Cheannfhaola an ceann is fearr orainn, 0-7 le 1-7.

Bliain stairiúil a bhí i 1987 dúinn nuair a bhuaigh muid an Comórtas Sóisear i mBéal an Mhuirthid. Bhí orainn cheithre cluiche a imirt i gConamara, ag fáil an ceann is fearr ar Carna-An Caiseal sa reamhbhabhta, 3-14 le 0-1. Bhí bua cheithre phointe againn ar an Spidéal sa gcluiche ceathrú ceannais, 4-6 le 1-11. Sa gcluiche ceannais ar Pháirc an Chathánaigh fuair muid an ceann is fearr ar an fhoireann baile, 0-13 le 1-7 don Cheathrú Rua agus bhí bua éasca againn ar Chill Aithnín sa gcluiche ceannais, arís ar Pháirc an Chathánaigh, 2-12 le 1-3. Sa gcomórtas náisiúnta i mBéal an Mhuirthead, bhí dhá chluiche éasca againn, ag fáil an ceann is fearr ar Árann sa gcluiche ceathrú ceannais, 2-15 le 0-4 agus ar Chluain Droichid as Corcaigh sa gcluiche leathcheannais, 4-13 le 0-4. Bhí cluiche chrua againn sa gcluiche ceannais i gcoinne Gaoth Dobhair, ag fáil an ceann is fearr 2-8 le 0-8 tar éis am breise. Seo scéal an cluiche ceannais sin.

Bhain triúir ban ón gCumann comórtas an Chailín Gaelach, b’iad sin

Mairéad Ní Neachtain, Béal a' Daingin, a bhuaigh i mBéal a' Mhuirthid i 1987,

Tríona Ní Ráinne, An Trá Bháin, thíos i mBéal Átha an Ghaorthaidh i 1991 agus

Máire Áine Ní Iarnáin, Leitir Caladh, ár gCailín Gaelach ar an Máimín i 2002.

 

Cailín Gaelach 2002

Máire Áine Ní Iarnáin, An Cailín Gaelach 2002
ag caint le Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnacha

 

Mar aitheantas do na cumainn ar fad ar éirigh leo Comórtas Peile na Gaeltachta a bhaint ó 1969 i leith, bhronn RTÉ Raidió na Gaeltachta teastas speisialta ar gach fhoireann buacach, idir Sinsir agus Sóisir. Bronnadh an gradam s'againne ar Phat Choilmín Ó Conghaile, Cathaoirleach Naomh Anna, Leitir Móir agus captaen an fhoireann a bhuaigh an Craobh Náisiúnta Sóisear i mBéal a' Mhuirthid i 1987, ag fáil an ceann is fearr ar Ghaoth Dobhair sa gcluiche ceannais, 2-8 le 0-8.

Tá tuairisc ar an gcluiche ceannais sin anseo.

Is féidir tuilleadh de na pictiúir ón mbronnadh a fheiceáil ar ghréasáin Sheáin Uí Mhainnín ag https://www.seanomainnin.com/p651893146

 

 

  Pat Choilmín Ó Conghaile