Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTA 1987

line decor
 
 
 
 

 

Seaimpíní Shóisir Comórtas Peile na Gaeltachta na Bliana 1987

Naomh Anna 2-8       Gaoth Dobhair 0-8

Thóg sé am breise an dá fhoireann seo a scaradh óna cheile i gcluiche ceannais Sóisear 1987 i mBéal an Mhuirthead. Cé gur trasna na páirce a bhí an ghaoth ag teacht, bhí an chóir láidir i bhfabhar Naomh Anna sa gcéad leath. Thóg sé 6 nóiméad orthu an chéad scór a fháil nuair a scóráil Pádraic Conroy cúilín ón imirt tar éis dó pas a fháil ó Ghearóid Breathnach. Ní raibh mórán idir an dá fhoireann i rith an chluiche ar fad agus bhí na fir chúil in uachtar den chuid is mó. Chuir cic saor do Ghaoth Dobhair na foirne ar chomh scór tar éis 12 nóiméad. Tháinig an scór cinniúnach den chéad leath sa séú nóiméad déag. Bhí Naomh Anna ar an ionsaí ach ghlan Gaoth Dobhair amach an liathróid. Tar éis babhta imeartha, bhris Máirtín Breathnach suas an imirt agus chuir sé cic fada isteach chuig an lántosach Séamus Ó Ráinne. Rug Jimmy ar an liathróid, chas sé agus bháigh sé an liathróid san eangach chun Naomh Anna a chur cúl chun cinn. Fuair Gaoth Dobhair deis an cluiche a chothromú sa naoú nóiméad déag ach rinne cúl báire Naomh Anna, Seán Seosamh Ó Cualáin, sábháil iontach agus fuair fir Thír Chonaill cúilín ón imirt a lean chun an bearna a laghdú go dtí dhá phointe. Ar ais le Naomh Anna síos an pháirc agus fuair Coley Beag Ó Cualáin an liathróid. Bhabhtáil sé pasanna le Pádraic Conroy agus bhí deis ag Coley scór a fháil ach rinneadh feall air tar éis dó an liathróid a bhualadh. Scóráil Conroy pointe ón gcic saor sin nóiméad is fiche isteach sa gcéad leath chun cúl a chur idir na foirne arís. Nóiméad ina dhiaidh sin bhí an bearna laghdaithe arís ag Gaoth Dobhair le cúilín ón imirt, tar éis píosa maith imeartha. Bhí cúig nóiméad fágtha sa leath nuair a fuair Jimmy deis cúl eile a scóráil tar éis dó pas a fháil ó Phat Choilmín Ó Conghaile ach chuir sé an cic sin amú. Fuair Naomh Anna an scór deiridh den leath nuair a fuair Ciarán Chóil Ó Flatharta pointe tar éis do seilbh a fháil ar an liathróid nuair a theip ar Chonroy cic saor a chur thar an trasnán. Ní mórán a thug seans do Naomh Anna sa dara leath agus iad ag tabhairt aghaidh ar an imirt in aghaidh an gaoithe láidre sin agus gan acu ach trí phointe farasbarr, 1-3 le 0-3. Má bhí imní ar lucht leanta na nOileán nach mbeadh a ndóthain ag fir Naomh Anna sa trí phointe a bhí le spáráil acu ag leath ama, bhí údar maith imní acu nóiméad isteach sa dara leath nuair a fuair Gaoth Dobhair pointe ó chic saor chun dhá phointe a fhágáil idir na foirne. Bhí deis ag Naomh Anna an chéad scór sin a fháil nuair a bhuaigh Gearóid Breathnach an liathróid ón gcaitheamh isteach agus chuir sé liathróid isteach chuig Coley Beag sa choirnéal. Tar éis ruathar beag tharraing Coley ar an liathróid ach rinne cúl báire Ghaoth Dobhair an-sábháil agus síos an pháirc leo chun an cic saor sin a fháil. Bhí rudaí níos measa cúig nóiméad isteach sa leath nuair a fuair fir Thír Chonaill pointe ón imirt chun an scór a fhágáil ag 1-3 le 0-5. Is sa seachtú nóiméad den leath a tháinig an chéad scór do Naomh Anna le pointe ó chic saor Phádraic Uí Chonaire chun dhá phointe a chur idir na foirne arís. Ach dhá nóiméad ina dhiaidh sin bhí an bearna is lú idir na foirne don athuair. Bhí fiche nóiméad le himirt anois agus gan eatarthu ach an t-aon phointe amháin agus an ghaoth láidir i seolta Ghaoth Dobhair. Chuir pointe ó PJ Mac Donnacha sa dara nóiméad déag dhá phointe eatarthu arís agus b’é sin an scór deiridh a fuair Naomh Anna sa leath seo. Anois a tháinig an sár-imirt ó Ghearóid Breathnach agus ó PJ i lár na páirce agus ó na fir chúil. Bhí na tosaithe thiar ag cosaint chomh maith agus tréan iarracht a dhéanamh chun an farasbarr sin a choinneáil. Bhí an cluiche crua anois agus na buillí ag dul isteach. Throid na cúil go maith le chéile agus choinnigh siad Gaoth Dobhair amach go dtí ocht nóiméad ón deireadh nuair a fuair Gaoth Dobhair pointe ón imirt. Dhá nóiméad ina dhiaidh sin bhí siad ar chomhscór agus sé nóiméad fágtha ar an gclog. Bhí deiseanna ag an dá fhoireann an scór bua a fháil ach theip orthu sin a dhéanamh agus chríochnaigh an cluiche cothrom tar éis seasca nóiméad ag 1-5 do Naomh Anna, 0-8 do Ghaoth Dobhair. Fiche nóiméad breise le himirt anois. Cé acu de na foirne seo ba aclaí? D’imir Naomh Anna i gcoinne na gaoithe sa gcéad tréimhse den am breise. Chuir Pádraic Conroy Naomh Anna chun cinn le pointe ó chic saor tar éis dhá nóiméad. As sin go leathama bhí Naomh Anna chun cinn ar fud na páirce agus tháinig pointe eile, ceann ó Choley Beag ó chic saor, sa nóiméad deiridh chun an scór a fhágáil ag 1-7 le 0-8. Má bhí jab mór roimhe Ghaoth Dobhair sa dara tréimhse de dheich nóiméad, bhí sé sin déanta níos deacra agus trí nóiméad caite nuair a cuireadh imreoir den pháirc tar éis dó droch iarraidh a thabhairt do Choley Ó Cualáin. Leis an gcóir, fuair Naomh Anna pointe ó Phádraic Conroy tar éis cheithre nóiméad den dara leath chun cúl a chuir idir na foirne arís. San ochtú nóiméad den leath a tháinig an buille a mharaigh an mhuic nuair a chuaigh Pádraic Conroy ar ruathar tar éis pas ó Shéamus Ó Ráinne agus bháigh sé an liathróid san eangach chun an bearna is mó fós a chur idir na foirne. Níor scóráil Gaoth Dobhair ar chor ar bith san am breise agus chríochnaigh an cluiche le bua do Naomh Anna sa gcomórtas Sóisear den chéad uair riamh leis an scór deiridh 2-8 le 0-8. Bhronn Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Micheál Ó Lochnáin as Maigh Eo, corn Ghael Linn ar Phat Choilmín Ó Conghaile.

 

 

Buaiteoirí Comórtas Peile na Gaeltachta 1987

1. Seán Seosamh Ó Cualáin 2. Máirtín Breathnach 3. Ciarán Festy Ó Fátharta 4. Joe Joe Mac Donnacha 5. Joe Thomas Ó Flatharta 6. Pat Choilmín Ó Conghaile (captaen) 7. Patrick Stephen Ó Flatharta 8. Gearóid Breathnach 9. PJ Mac Donnacha (0-1) 10. Uinsionn Ó Lorcáin 11. Seán Ó Murchú 12. Ciarán Chóil Ó Flatharta (0-1) 13. Coley Ó Cualáin (0-1) 14. Séamus Ó Ráinne (1-0) 15. Pádraic Ó Conaire (1-5) 16. Tomás Ó Súilleabháin 17. Conchúr Ó Máille 18. Gearóid Ó Cualáin 19. Máirtín Ó Cualáin 20. Piaras Ó Cuinn 21. Peadar Ó Flatharta 22. Pádraic Ó Súilleabháin 23. Colm Ó Cualáin 24. Terry Mac Donnacha