Cruinniú Chinn Bhliana 2004


   Cruinniu 2005                  Cruinniú 2007   

BAILE
STAIR
LOTTO
COISTÍ
FOIRNE
IONAD SPÓIRT
CLUICHÍ
ONÓRACHA
PICTIÚIR
NASCANNA
COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTA
DÉAN TEAGMHÁIL LINN
SCOILEANNA
SCÉALTA
CAMPA PEILE

Bhí slua bhreá, trí scór duine, i láthair ag cruinniú chinn bhliana an chumann nuair a tionóladh é i nGalf Chumann Oileáin Chonamara ar an Satharn, 10 Eanáir 2004. Thug an Rúnaí, Máirtín Ó Meachair, cuntas cuimsitheach ar mhiontuairiscí an cruinniú chinn bliana 2003.  Níor fágadh tada a dúradh amach agus tá moladh mór ag dul do Mháirtín as ucht a chuid oibre ina chéad bhliain mar rúnaí. 

Ina óráid don chruinniú ghlac an Cathaoirleach, Máirtín Ó Conghaile, buíochas leis na bainisteoirí foirne as ucht a cuid oibre i 2003. D'éirigh go maith le roinnt de na foirne ar pháirc an imeartha agus rinne sé tagairt speisialta de na foirne seo a leanas: Faoi 8 a bhuaigh Corn an tAthair Máirtín Lang, Faoi 12 a bhuaigh Sraith na Cathrach agus a chaill i gcluiche ceannais an Chontae, Faoi 13 a bhuaigh Sraith na Cathrach agus na cailíní Faoi 14 a bhuaigh Sraith an Chontae. Ghlac na leads Faoi 14 páirt i gcomórtas Féile na nGael don chéad uair riamh agus is bródúil a bhíomar brat an chumann a fheiceáil i measc na cinn ó na clubanna móra ó gach choirnéil den tír sa pharáid a bhí i bPáirc an Phiarsaigh, Bóthar na Trá. Rinne sé comhgháirdeas le Fiachra Breathnach as ucht Craobh Chonnachta a bhaint amach le foireann mionúir na Gaillimhe. Tá Fiachra mar chaptaen ar fhoireann Naomh Iarlaithe, Tuaim, an tséasúr seo agus tá súil againn ar fad go dtiocfaidh siad céim eile ar aghaidh i mbliana agus Corn Uí Ógáin a thabhairt leo. Déanadh comhghairdeas le athair Fiachra, Máirtín, atá ina Rúnaí Cúnta ar Choiste Peile na nÓg an Chontae don bhliain seo.  Ag breathnú ar aghaidh bhí súil ag an gCathaoirleach go ndéanfadh na himreoirí ar fad iarracht mór ar pháirc na himeartha i mbliana agus gurb é an sprioc a bheadh acu ná ardú céime a bhaint amach go dtí an grád sinsir. Tá obair mhór le déanamh chomh maith ar an ionad nua spóirt atá le tógáil le taobh na páirce agus tugadh le fios go bhfuil an chéad chéim den cead pleanála ceadaithe ag an gComhairle Chontae. Tá an Lotto deich mbliana ar an mbóthar i mbliana agus ghlac sé buíochas le chuile dhuine atá ag díol agus ag ceannach na ticéid. Ghlac sé buíochas le chuile dhuine a chuidigh leis an gcumann i rith na bliana agus bhí buíochas speisialta ag dul don Aire Éamonn Ó Cuív agus don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Chuir an Cisteoir, Ciarán Ó Fátharta, tuairisc cuimsitheach airgid os comhair na baill.  Ba é seo an cuigiú uair ag Ciarán a leithéid a dhéanamh.  Bhí teacht isteach de €170,688 ann don bhliain agus bhí caiteachais ann de €169,958.  Thug sé le fios go raibh sé ag seasamh síos mar chisteoir agus tugadh ardmholadh dó as ucht a chuid oibre le linn dó a bheith in oifig.

Tá an cumann dhá scór bliain ar an bhfód i mbliana agus tá roinnt mhaith imeachtaí eagruithe chun na hócáide a cheiliúradh, ina measc táimid ag tabhairt cuairt ar Chicago agus ar Bhoston ón 8ú go dtí 18ú Aibreáin. Tá súil againn cluichí peile agus iománaíochta idirchontae a bheith ar Pháirc a' Mháimín agus go dtabharfaidh ógánaigh an chumann cuairt ar Pháirc an Chrócaigh. Tá sé beartaithe leabhair de Stair an Chumann a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana mar sin má tá aon phictiúir nó scéalta agat ar mhaith leat a chur ar fáil dúinn beidh míle fáilte romhat.