Cruinniú Chinn Bhliana 2005


   Cruinniú 2004                Cruinniú 2007     

BAILE
STAIR
LOTTO
COISTÍ
FOIRNE
IONAD SPÓIRT
CLUICHÍ
ONÓRACHA
PICTIÚIR
NASCANNA
COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTA
DÉAN TEAGMHÁIL LINN
SCOILEANNA
SCÉALTA
CAMPA PEILE

Bhí slua bhreá, trí scór duine agus cúig, i láthair ag cruinniú chinn bhliana an chumann nuair a tionóladh é i nGalf Chumann Oileáin Chonamara ar an Satharn, 8 Eanáir 2005. Ar dhuine acu siúd a bhí sa slua, bhí Cóilín Chóil Ó Flatharta. B'ócáid speisialta a bhí anseo do Chóilín. Ní mar gurb é an chéad bhliain le fada an lá ó d'fhreastal sé ar Chruinniú Chinn Bhliana an chumann seo ach mar gheall nach bhfuil sé ach cúpla mí ó bhí obráid mhór air agus gur cuireadh croí nua isteach ann. Agus mura b'é atá ag breatnú go breá, go dtabharfaidh Dia saol fada dó. Thug an Rúnaí, Máirtín Ó Meachair, cuntas cuimsitheach ar mhiontuairiscí an cruinniú chinn bliana 2004.  Níor fágadh tada a dúradh amach agus tá moladh mór ag dul do Mháirtín as ucht a chuid oibre ina dara bliain mar rúnaí. 

Ina óráid don chruinniú ghlac an Cathaoirleach, Máirtín Ó Conghaile, buíochas leis na bainisteoirí foirne as ucht a cuid oibre i 2004. Cé nach bhuaigh muid mórán corn d'éirigh go maith le roinnt de na foirne ar pháirc an imeartha agus rinne sé tagairt speisialta de na foirne seo a leanas: Faoi 8 a bhuaigh Corn an tAthair Máirtín Lang, na leads Faoi 14 a bualadh i gcluiche ceannais na sraithe i gcoinne Baile Átha an Rí agus leis an fhoireann Faoi 16 a bhuaigh comórtas Peile na Gaeltachta i Ros Muc lena mbua ar Mhicheál Breathnach.  Is bliain díomach a bhí ann don fhoireann Idirmheánach, a deir sé, agus muid ag troid an dícháilleadh ar feadh tréimhse fada. Tá sé seo ag tárlú rómhinic le roinnt blianta agus ní raibh aon dabht aige ach nach raibh na himreoirí ag tabhairt 100% do na bainisteoirí. D'iarr sé orthu an díocas agus an spiorad a chur ar ais sa chlub agus é sin a thaispeáint ina cuid imeartha. Rinne sé comhgháirdeas le Filimine Ní Fhlatharta as ucht a bheith ar fhoireann Sinsir Ban na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Chonnacht agus Craobh n a hÉireann lena mbua ar Bháile Átha Cliath. Thaispeáin Filimine an íobairt a theastaíonn chun beart mar seo a bhaint amach leis an taistil a rinne sí chuig 105 seisiúin treanála i rith na bliana. Déanadh comgháirdeas le Sorcha Ní Loingsigh as ucht a bheith ar fhoireann Faoi 12 cailíní na Gaillimhe a bhuaigh Sraith Chonnacht. Bhí Fiachra Breathnach agus Muiris Ó Loingsigh ar phainéal Mionúir na Gaillimhe a thug leo Craobh Chonnachta. Bhí Ciarán Ó Fátharta ina roghnóir ar an bhfoireann sin agus ghuí an Cathaoirleach gach rath ar Chiaráin don bhliain atá romhainn agus é mar roghnóir ar fhoireann Sinsir an Chontae. Bhí Fiachra mar chaptaen ar fhoireann Naomh Iarlaithe, Tuaim, agus thaistil sé chuig an Astráil le foireann Faoi 17 na hÉireann. Bhí Muiris Ó Loingsigh, Gearóid Ó Flatharta agus Ferdia Breathnach ar fhoireann Ceárdscoileanna na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Chonnachta agus bhuaigh Ferdia bonn Ted Webb le foireann Faoi 16 Cathair agus Iarthair na Gaillimhe. Bhí athair Ferdia agus Fiachra, Máirtín, mar rúnaí cúnta ar Choiste Peile na nÓg na Gaillimhe. 

Bhí buíochas speisialta ag dul don Aire Éamonn Ó Cuív agus don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta as ucht an deontas de €1.2 milliún a thug siad chun an tIonad Spóirt a thógáil. Tá obair mhór le déanamh ar an ionad nua spóirt atá le tógáil le taobh na páirce agus tugadh le fios go raibh súil saoiste a bheith fostaithe roimh dheireadh na míosa. Is cinnte go dtiocfaidh na háiseanna seo chun tairbhe do chumainn eile chomh maith le Cumann Naomh Anna. Tá sárobair déanta ar an bpáirc treanála agus beidh sí in úsáid ó thús na bliana seo. Thug an cathaoirleach le fios chomh maith go bhfuil bliain eile faighte ag Cóil Phat Mhyle Mac Donnacha ag obair mar fhreastalaí ar an bpáirc.

Tá an Lotto láidir sa cheantair i gcónaí agus ghlac sé buíochas le chuile dhuine atá ag díol agus ag ceannach na ticéid. Tá an pota óir imigh trí huaire le roinnt seachtaine. Ghlac sé buíochas le clann Phatsy as ucht an lotto a bhainistiú. Chuir sé buíochas an Chumann in iúil freisin do Mhuintearas, do Halla Thír an Fhia agus do Ghalf Chumann Oileáin Chonamara as ucht a cuid áiseanna a chur ar fáil i rith na bliana agus ghlac sé buíochas le Máirín Bharry as ucht na geansaithe a níochán.

Ag críochnú dó, labhair an cathaoirleach ar an tragóid a tharla i mí na Samhna nuair a bhásaigh Micheál Ó Loingsigh as Eanach Mheáin tar éis timpiste bóthair. Rinne sé comhbhrón le clann Uí Loingsigh agus le páirtnéir Mhicheál, Imelda Ní Dhomhnaill, agus lena mhac óg, Colin. Chuir sé beannachtaí an Chumann chomh maith chuig Micheál Ó Feinneadha as an gCnoc. Bhí Micheál san ospidéal go fóill tar éis timpiste bóthair. D'imir an dá Mhicheál le chéile ar an bhfoireann Sóisir C i rith na bliana.

Chuir an Cisteoir, Cáit Mhic Dhonnacha, tuairisc cuimsitheach airgid os comhair na baill.  Ba é seo an chéad uair ag Cáit a leithéid a dhéanamh.  Bhí teacht isteach de 225,051 ann don bhliain agus bhí caiteachais ann de €194,062. 

Tá Pádraig Ó Conghaile ag obair go fóill ar leabhar de Stair an Chumann agus tá sé beartaithe í a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana mar sin má tá aon phictiúir nó scéalta agat ar mhaith leat a chur ar fáil dúinn beidh míle fáilte romhat.