Cruinniú Chinn Bhliana 2007


   Coiste             Bainisteoirí Foirne             Cruinniú 2004             Cruinniú 2005      

BAILE
STAIR
LOTTO
COISTÍ
FOIRNE
IONAD SPÓIRT
CLUICHÍ
ONÓRACHA
PICTIÚIR
NASCANNA
COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTA
DÉAN TEAGMHÁIL LINN
SCOILEANNA
SCÉALTA
CAMPA PEILE

Bhí trí scór duine i láthair ag cruinniú cinn bhliana Chumann Peile Naomh Anna Leitir Móir a bhí ar siúl ar an Luan, 15 Eanáir i Halla Chomhar Chuigéal i Leitir Mealláin.  Baineadh uspóg as an slua nuair a chuir an cisteoir, Cáit Mhic Dhonnacha, a tuarascáil bhliantúil os comhair na mball.  Thug sí le fios go raibh ioncam de €1.63 milliún ag an gCumann ó 2005 le caiteachas de €1.58 milliún.  Ina óráid, dúirt Cathaoirleach an Chumainn, Máirtín Ó Conghaile gur údar bróid a bhí ann dóibh an tIonad nua Spóirt atá tógtha acu ar Pháirc an Mháimín.  Thug sé le fios go bhfuair an Cumann síntiús de 100,000 Dollar le cur leis an gciste tógála ó fhear áitiúil, Micheál Mhichael Mór Ó Conghaile, atá ag cur faoi i Chicago Mheiriceá.  Ghlac Cathaoirleach an Chumainn, thar ceann an choiste agus mhuintir an cheantair, buíochas ó chroí le Micheál as ucht an t-airgead a chur ar fáil. Tá súil go mbeidh an tIonad Spóirt á oscailt faoi Cháisc nó go luath ina dhiaidh sin agus tugadh le fios go mbeidh sé ainmnithe i gcuimhne ar Mhichael Mór Ó Conghaile, duine de bhunaitheoirí an Chumainn i 1964. 

Tugadh aitheantas don tacaíocht atá an Cumann a fháil ó eagraíochtaí áitiúla ar nós Chomhairle Ceantair na nOileán agus Mhuintearas chun an tIonad Spóirt a thógáil.  Glacadh buíochas le Cóilín Ó hÓgáin agus a chuid oibrithe as an sárobair atá déanta acu ar an Ionad.  Tá obair mhór á dhéanamh ag Cóilín Phateen Ó Confhaola ar an Lotto agus ag Síle Mhic Dhonnacha san oifig.

Thréaslaigh an cathaoirleach leis na foirne agus a gcuid bainisteoirí a rinne tréaniarracht i gcaitheamh na bliana seo caite.  Rinne sé comhghairdeas leis an bhfoireann Idirmheánach a bhuaigh Comórtas na Scéithe, leis an bhfoireann Faoi 8 a bhuaigh Corn an Athar Laing agus leis an bhfoireann Faoi 10 a bhuaigh Sraith Chonamara.  Bhí mí-ádh ar fhoireann Faoi 14 na gCailíní nuair a chlis orthu i gcluichí ceannais na Craoibhe agus na Sraithe chomh maith le foireann Idirmheánach na Ban a chlis orthu i gcluiche ceannais na Scéithe.  Déanadh comhghairdeas le Cóil Ó Ceallaigh agus le Máirtín Ó Meachair a bhí ina mbainisteoirí ar fhoireann Ban Chonamara a bhuaigh Comórtas Peile na Gaeltachta ar An Spidéal i 2006.  Bhí 11 imreoir ón gCumann ar an bhfoireann sin.. 

Ghlac an Cathaoirleach buíochas leis na comhlachtaí ar fad a rinne urraíocht ar an gCumann i 2006, ach go háirithe Nioclás Ó Conchubhair, a rinne urraíocht ar gheansaithe imeartha.