Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

FOIREANN na CAILÍNÍ FAOI 14 2003

line decor
 
 
 
 

 

Seaimpíní Sraith an Chontae 2003

 

Cailíní Faoi 14

Ar chúl: Filimine Ní Fhlatharta (Bainisteoir) Orla Ní Chualáin, Marie Ní Chonghaile, Córa Ní Chonghaile, Ailbhe Ní Mhaoileoin, Rós Ní Mháille, Sinéad Ní Fhlatharta, Eimear Ní Ghríofa, Aoife Ní Churraoin, Eileen Ní Ghríofa, Aisling Ní Thuathail, Treasa Ní Mhaoildhia, Cliodhna Ní Cheallaigh, Suzanne Ní Lochlainn, Gráinne Seoighe (Cnoc), Gráinne Seoighe (Leitir Caladh)

Chun tosaigh: Mairéad Ní Churraoin, Mairéad Ní Mhurchú, Nóra Marie Ní Fheinneadha, Clíona Ní Fhlatharta, Christine Ní Mhaoildhiam Anne Marie Ní Chonaire, Sinéad Ní Cheallaigh, Aoife Ní Mháille, Sorcha Ní Loingsigh, Siobhán Ní Churraoin, Seosaimhín Ní Chonghaile

Cluiche ceannais Sraith an Chontae Faoi 14 na gCailíní i mBearna  

Naomh Anna 3-5         Baile Chláir na Gaillimhe 1-0

Bhí bua bhreá ag cailíní óga Naomh Anna nuair a fuair siad an ceann is fearr ar fhoireann an Bhaile Cláir ar pháirc a bhí deacair go leor le himirt uithi i mBearna.  D'imir Naomh Anna le comhar gaoithe sa gcéad leath agus bhí siad cheithre chúilín chun cinn tar éis chúig nóiméad, a bhuíochas sin d'Aoife Ní Mháille a fuair cúilín sa dara nóiméad agus cúl sa cúigiú nóiméad.  Cé go raibh raibh formhór na himeartha acu fuair cailíní óga na hOileáin deacair é na scóranna a fáil agus chuaigh siad ceathrú uaire an chloig ansin gan aon scór a fháil.  San am sin d'éirígh le cailíní an Bhaile Chláir roinnt ionsaithe a dhéanamh ar chúl Naomh Anna ach bhí cailíní na hOileáin ró-láidir síos thrí lár an fhoireann.  Chuir an lán-chúlaí, Anne-Marie Ní Chonaire agus na leath-chúlaithe Sorcha Ní Loingsigh agus Treasa Ní Mhaoildhia cailíní Naomh Anna ar as ar an ionsaí arís ach cuireadh go leor seansanna amu sa tréimhse sin agus b'údar imní do bhainisteoir Naomh Anna, Filimine Ní Fhlatharta nach raibh acu ach an dá scór sin agus muid ag druidim le leathama.  Bhí an dá fhoireann cothrom go maith i láir na páirce sa gcéad fiche nóiméad ach nuair a thosaigh captaen Naomh Anna, Sinéad Ní Cheallaigh ag fáil in uachtar thosaigh peil chliste ag teacht isteach chuig na tosaithe agus fuair Aoife Ní Mháille cúilín eile ón imirt tar éis nóiméad agus fiche.  Bhí Clíona Ní Fhlatharta ag fáil an ceann is fearr ar an líne leath-thosaigh chomh maith agus nuair a déanadh feáll uirthi sa 26ú nóiméad chuir Aoife Ní Mháille an cic saor thar an trasnán.  Bhí an imirt ar fad ag Naomh Anna faoin tráth seo agus iad sé phointe chun cinn ach chuir siad cheithre sheans iontach amú sula dtáinig an scór chinniúnach, an ceann a bhuaigh an cluiche do Naomh Anna nuair a scóráil Córa Ní Chonghaile sárchúl le cic deireadh an chéad leath chun an scór a fhágáil ag leathama Naomh Anna 2-3 Baile Chláir na Gaillimhe fós follamh gan scór ar bith ach go raibh comhar láidir gaoithe le bheith ina seolta so dara 30 nóiméad.

Má bhí aon seans le bheith ag an Bhaile Chláir sa gcluiche seo bhí sé tábhachtach gur acu a bheadh an chéad scór den dara leath agus go dtiocfadh sé sin sciobtha chomh maith ach ní raibh siad in ann aon dul chun cinn a dhéanamh ar chúlaithe Naomh Anna agus b'iad cailíní na hOileáin a fuair an scór sin, cúl ón lán tosach Ailbhe Ní Mhaoileoin san 13ú nóiméad agus ba shin sin bhí an cluiche seo thart mar choibhlint. Fuair Sinéad Ní Cheallaigh cúilín eile ó chic saor sa 19ú nóiméad agus fuair Aoife Ní Mháille scór an chluiche nuair a fuair sí cúilín sa 23ú nóiméad tar éis an-bhabhta pasála a thosaigh thiar ar an líne lán chúl.  Bhí 3 chúl agus 5 cúilín ag Naomh Anna faoin am ar éirigh leis an Bhaile Chláir an t-aon scór a fuair siad a fháil, cúl sa nóiméad deireadh den chluiche.  Bhí Naomh Anna in uachtar cuid mhaith ar fud na páirce agus ar na himreoirí a sheas amach inniu bhí Anne-Marie Ní Chonaire, Sorcha Ní Loingsigh, Treasa Ní Mhaoildhia agus Aisling Ní Thuathail sna cúlaithe, an bheirt lár páirce Sinéad Ní Cheallaigh agus Suzanne Ní Lochlainn agus sna tosaithe Córa Ní Chonghaile, Clíona Ní Fhlatharta, Ailbhe Ní Mhaoileoin agus Aoife Ní Mháille a scóráil cúl agus cheithre chúilín.  Bhí toradh ar an sárobair atá déanta ag treanálaithe Naomh Anna, Cóil Ó Ceallaigh agus Filimine Ní Fhlatharta, gach Satharn le míonna anuas le feiceáil nuair a bhron Pól Ó Gionnáin, Oifigeach Caidrimh Poiblí Coiste Bhord an Chontae na mBan, an corn ar Shinéad Ní Cheallaigh.