Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

PÁDRAIG Ó CONAIRE

line decor
 
 
 
 

Am ar bith a bhíonn daoine tagtha le chéile chun labhairt ar chúrsaí spóirt, ach go háirithe ar chúrsaí Chumann Lúthchleas Gael, beidh sárú ann i gcónaí ar cé bhí ar an t-imreoir is fearr agus cé hiad a cúigear fear déag is fearr a chuaigh chun páirce riamh.  Nuair a labhraítear ar sárimreoirí as Conamara, go háirithe as Gaeltacht na Gaillimhe, luafar ainm Pádraic Ó Conaire orthu siúd a cheart a bheith roghnaithe mar tosach ar an fhoireann is fearr.

Rugadh Pádraig Ó Conaire ar an 21ú lá d’Aibreáin 1958 agus bhí cónaí air i dTír an Fhia, Leitir Móir.  Fuair sé a chuid oideachas sa scoil náisiúnta i dTír an Fhia agus ina dhiaidh sin i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua.  Is le linn dó a bheith ag freastal ar an scoil náisiúnta a thosaigh sé ar a shaol peile.  Is cuimhin leis gur sa ceathrú rang a bhí sé nuair a bhí sé amuigh i gclós na scoile ag cleachtadh a chuid scileanna peile faoi stiúir an tSiúir Majella agus mura bí a bhí dian ar na leads agus í a réiteach do comórtas idir na scoileanna.  Bhíodh comórtas na scoileanna an-láidir sna blianta sin i lár na seascaidí.  Is i gcoinne Scoil na Trá Báine a d’imir Pádraig a chéad cluiche peile, ar an píosa talún ar a bhfuil Páirc a’ Mháimín tógtha anois.  Bhuaigh siad comórtas na scoileanna an bhliain sin agus an bhliain ina dhiaidh agus nuair a bhí Pádraig sa séú rang bhíodar ar ais sa gcluiche ceannais i gcoinne Scoil Leitir Mealláin agus iad ag iarraidh an corn a thabhairt leo don tríú bliain as a chéile, díreach mar a rinne foireann sinsir na Gaillimhe roinnt blianta roimhe sin nuair a thug siad leo Craobh Peile na hÉireann trí huaire as a chéile.  Is dócha le Pádraig gurb é seo an chéad uair is cuimhin leis gur déanadh cleas ar aon fhoireann a bhí sé ag imirt ar.  Bhí Stiofán a’ Táilliúra Ó Flatharta ag múineadh i Leitir Mealláin agus ag treanáil an fhoireann ansin.  Nuair a d’imir Tír an Fhia iad níos luaithe sa gcomórtas bhí bua mór ag Pádraig agus a chomrádaí.  Anois agus an dá fhoireann thríd go dtí an cluiche ceannais shocraigh Stiofán go n-imreofaí an cluiche ar Pháirc an Chathánaigh ar an gCeathrú Rua.  Bhí buntáiste ag leads óga Leitir Mealláin mar go raibh roinnt seisiún traenála déanta acu ar an bpáirc sin le Stiofán agus níor imir aon duine as Tír an Fhia uirthi riamh.  Fuair Leitir Mealláin an ceann is fearr orthu an lá sin le dhá chúilín.  D’fhoghlaim Pádraig ceacht an lá sin agus nach iomaí cleas a d’imir sé féin ar fhoirne peile sna blianta a lean.

Nach iontach é go raibh saol peile Phádraig ag tosú amach thart ar an am céanna agus a bunaíodh an cumann peile áitiúil.  Bhí Pádraig sé bliana d’aois nuair a bunaíodh Cumann Peile Naomh Anna i 1964.  D’imir sé a chéad chluiche don cumann i gcluiche Faoi 21 i gcoinne Bhearna istigh ar Pháirc an Phiarsaigh agus gan é ach aon bhliain déag d’aois.  Chuaigh sé chun páirce don chéad uair sa ngeansaí dubh agus buí le uimhir 15 ar a dhroim.  Tá go leor cuimhne aige ar an lá sin.  Scóráil sé trí phointe ón imirt, éacht mór do lead chomh óg leis agus deich mbliana ag an chuid is mó de na himreoirí air.  Chaill Naomh Anna an cluiche sin ach seasfaidh cúl a scóráil Máirtín Beag Mháirtín Chuinn as Leitir Móir go deo i gcuimhne Phádraig ar an cúl is fearr a chonaic sé riamh ó imreoir as club Naomh Anna in aon ghrád.  “Bhíomar ag bualadh isteach i gcúl an Bhaile Mór nuair a tháinig liathróid ard isteach i dtreo an chúil.  Bhí Máirtín ag imirt i ngeansaí uimhir 11.  Bhí a dhroim aige le cúl Bhearna nuair a léim sé leis suas go hard san aer, rug sé ar an liathróid agus ag casadh an a bhealach anuas, bhuail sé urchair de chic agus bháigh sé an liathróid sa eangach.”  Cúl iontach dar le Pádraig.  D’imir sé a chéad cluiche don fhoireann Sóisir, ag aois trí bliana déag, thuas in Uachtar Ard i gcoinne a fhoireann baile agus scóráil sé cúl agus dhá chúilín an lá siúd.  Bhí sé ar foireann Faoi 16 a chaill in aghaidh Naomh Micheál i gcluiche ceannais an Iarthair i 1974 ach d’éirí leo an ceann is fearr a fháil ar fhir na Cathrach lena mbua orthu i gcluiche ceannais an Iarthair i ngrád na mionúir an bhliain dar gcionn.  In Uachtar Ard a imríodh an cluiche sin agus bhí leads na nOileán chun cinn le cúilín amháin ag deireadh na himeartha.  Chuaigh siad soir go Baile Átha an Rí chun casadh le Béal Átha na Slua i gcluiche ceannais mionúir an chontae ach bhí mí-ádh orthu an tráthnóna sin agus iad buailte le dhá phointe.  Bheadh fanacht ocht mbliana eile ar Phádraig sula mbeadh deis aige an bonn contae sin a bheith ina sheilbh. 

Mar atá a fhios ag chuile dhuine a bhfuil aithne acu ar Phádraig, bhí cúrsa fada aige i ngeansaí  na Gaillimhe.  D’imir sé don chontae don chéad uair i 1975 nuair a bhain sé áit amach ar an foireann mionúir.  Tháinig sé ar an bpáirc mar ionadaí i gcluiche ceannais mionúir an chuige in aghaidh Ros Comáin ach ní raibh an lá leo ar an ócáid sin ach ní raibh i bhfad le fanacht ag Pádraig agus a chomrádaí ar fhoireann na Gaillimhe díoltas a bhaint amach ar fhir Ros Comáin mar chas siad leo i gcluiche leathcheannais an cúige sa ghrád céanna i 1976 agus bhí an lá le Gaillimh an t-am seo.  Is bliain iontach a bhí i 1976 d’fhoireann sin na Gaillimhe.  Bhuaigh siad comórtas sraith Chonnacht níos luaithe sa bhliain agus anois bhíodar ar ais i gcluiche ceannais an chraobh i dTuaim, foireann Shligigh idir iad agus an sprioc.  Bhí sár-chluiche aige ar an lá stairiúil úd agus scóráil sé cúl agus cheithre phointe agus geansaí uimhir 12 ar a dhroim.  Ar aghaidh leis ansin go Páirc an Chrócaigh don chéad uair agus siad foireann mionúir as Baile Átha Cliath a bhí idir é agus áit i gcluiche ceannais mionúir na hÉireann.  Níor imir sé go maith sa gcluiche sin i gcoinne na Dubs ach fós tháinig sé chuige féin sa chúig nóiméad deireadh agus scóráil sé cúl a thug an bua do na Gaillimhí agus bhíodar thríd go dtí an cluiche ceannais i gcoinne Chorcaigh.  Ceann de na rudaí a chuimhníonn sé a tharla ar an lá sin ná gur bhris sé a ordóg díreach roimh thús an chluiche.  Bhí drochphian air agus fágadh an cinneadh aige féin an mbeadh sé chun imirt nó nach mbeadh.  Ar ndóigh ní raibh aon bhealach go raibh sé chun cailleadh amach ar an gcluiche seo agus chuir sé strap ar an ordóg agus d’imir sé sa chluiche, ag scóráil dhá phointe.  D’imir Ciarán Ó Fátharta sárchluiche an lá úd, go háirithe sa dara leath.  Tá cuimhní cinn measctha ag Pádraig faoina ama ag imirt sa ghrád Faoi 21 don chontae.  Tógadh den pháirc é ag leathama i gcluiche ceannais Chonnachta thíos i mBéal Átha na Slua in aghaidh Ros Comáin i 1978.  Bhí cúl agus dhá chúilín scóráilte aige sa gcéad leath sin ach fós thóg na roghnóirí den pháirc é.  Is ar na roghnóirí a thit sé ag deireadh an chluiche nuair a bhí an bua ag Ros Comáin ar Ghaillimh.  Chuaigh sé ceann níos fearr an bhliain dar gcionn, 1979, nuair a bhuaigh siad Corn Chonnachta ach fuair An Dún an ceann is fearr orthu i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

D’imir sé a chéad cluiche do Shinsir na Gaillimhe nuair a chuaigh sé chun páirce i gcluiche sraithe in aghaidh Chill Dara i 1978.  Bhí sé sna fir ionaid nuair a bhuaigh Gaillimh ar Ros Comáin i gcluiche ceannais an tSraith Náisiúnta i 1981.  Tá dhá bhonn Sinsir Chonnachta aige chomh maith.  Bhuaigh sé an chéad ceann i 1982 nuair a bhuail Gaillimh foireann Mhuigh Eó thuas i dTuain.  Chlis orthu i gcoinne Uí Fháilí an bhliain sin agus chuaigh Uí Fháilí ar aghaidh chun deireadh a chur le brionglóid Chiarraí agus an cúigiú Craobh Shinsir Peile na hÉireann as a chéile a bhaint amach le cúl Shéamuis Darby sna nóiméad deireadh.  Thóg sé briseadh as a bheith ag imirt don chontae i 1983 mar bhí rudaí eile ar a intinn ag an am.  Bhuail sé leis anonn go dtí an Róimh agus phós sé Bríd Ní Chonghaile as Cor na Rón.  Bhí cúigear gasúir acu ina dhiaidh sin, tríur iníon ar dtús, Marie, Sharon agus Treasa agus beirt mhac ansin, Pádraig Óg agus Maidhcí.  Le gairid bhí gariníon ag Pádraig agus ag Bríd nuair a saolaíodh cailín beag le Treasa, Amy.  Leis an briseadh a thóg Pádraig ón imirt idirchontae, thug sé deis dó a chuid ama ar fad a thabhairt don chlub agus ní ionadh mar sin gur bhuaigh Naomh Anna craobh shóisir an chontae don chéad uair nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chill Chiaráin Chluan Bhiorainn i bPáirc an Phiarsaigh le pointe amháin, 1-7 i gcoinne 1-6.  Aisteach go leor níor chríochnaigh Pádraig an cluiche sin mar gur cuireadh den pháirc é sa nóiméad deireadh den chluiche ach ba chuma faoi sin agus an corn ag dul siar go dtí na hOileáin don chéad uair riamh.  Roghnaigh baill an chumainn Pádraig mar imreoir na bliana ag deireadh 1983.  Nuair a thóg Tony “Horse” Regan post bainisteoir foireann sinsir na Gaillimhe i 1984, ceann de na chéad daoine a ghlaoigh sé orthu ná ar Phádraig agus tar éis go leor glaochanna eile dúirt Pádraig leis go dtiocfadh sé ar ais ar feadh bliain amháin eile agus is é a bhí sásta leis féin ag deireadh na bliana nuair a bhí an dara bonn Chonnachta bainte amach aige tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Muigh Eó i dTuaim.  Rinne na meán i gConamara scéal mór faoi chluiche leathcheannais na hÉireann idir Gaillimh agus Ciarraí mar go mbeadh Pádraig marcáilte ag laoch Ard a’ Bhóthair, Páidí Ó Sé, fear nár scóráil aon duine riamh air i bPáirc an Chrócaigh ach chuir Pádraig deireadh leis an gcuriarracht sin nuair a scóráil sé an chéad pointe den cluiche.  Fuair Ciarraí an bua ag deireadh na himeartha agus thug Páidí leis a séú bonn uile Éireann sa chluiche ceannais.  Níor imir Pádraig do Ghaillimh arís ach bhí neart eile le tabhairt aige ó thaobh a bheith mar roghnóir ar fhoirne mionúir sa todhchaí.

Ó thaobh a thaithí oibre di, bhíodh Pádraig ag obair mar phéintéir agus i monarchan Elcé Éireann i gCasla ach bhí suim aige sa oiliúint agus na scileanna peile a bhí aige a roinnt ar na daoine óga.  Bhí tús a chur le oiliúint i gConnacht agus rinne Pádraig na cúrsaí ar fad chun a cháilíocht coachála a bhaint amach.  Fuair sé post mar mhaor ar scéim oiliúna i gcomhair le FÁS agus le Comhairle Chonnacht a bhí lonnaithe i nGaillimh le trí dhuine déag faoina chúram.  Bhí seisear acu sin ag freastal ar scoileanna Chonamara.  Ní mhair an scéim sin ró-fhada ach tháinig Údarás na Gaeltachta isteach le ionchur airgeadas chun scéim a chur ar fáil do Phádraig i scoileanna na Gaeltachta agus is mar gheall ar dhaoine ar nós Peadar Ó Maoláin san Údarás a mhair an scéim sin.  I 1988 tháinig Peadar Mac an Iomaire, Stiúrthóir na Gaeilge Labhartha i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh ar bord le plean chun an spóirt agus an teanga a nascadh le chéile.  Thug sé seo treoir nua don scéim oiliúna peile i scoileanna Gaeltacht Chonamara mar ba smaoineamh nua a bhí ann agus bealach iontach chun an Ghaeilge a dhéanamh ‘cool’ d’ógánaigh na Gaeltachta.  D’éirigh le Peadar Mac an Iomaire tionscnamh a chur le chéile ina raibh an Ollscoil, an Údarás, FÁS agus Coiste Chumann Lúthchleas Gael na Gaillimhe ina bpáirtithe agus thug sé deis do Phádraig freastal a dhéanamh ar 17 scoil ar fad, uair a chloig in aghaidh na seachtaine.  Mhair an scéim sin go dtí 1992 nuair a bunaíodh an comhlacht Scléip Teoranta le Liam Puirséil mar bhainisteoir agus Pádraig mar stiúrthóir.  Sé Scléip Teo. a bhí ag fostú Pádraig ina dhiaidh sin le tacaíocht ón Údarás, ón Ollscoil agus ó Chumann Lúthchleas Gael.  Chomh maith leis an scéim peile thosaigh Scléip ag cur campaí samhradh ar fáil do ghasúir na Gaeltachta, rud a raibh an-éileamh ar ag an am de bhrí nach raibh a leithéid le fáil i gConamara.  Ríomhaireacht agus Peil na himeachtaí a bhí ar siúl ann.  In imeacht na mblianta tháinig Cumas Teo. ar bord le tacaíocht airgid ar feadh tamall agus ina dhiaidh sin tháinig Roinn na Gaeltachta isteach, mar pháirtéirí ag an Údarás agus ag Cumann Lúthchleas Gael na Gaillimhe. Cuireadh deireadh le Scléip Teo. i 2004.

Ag breathnú siar ar bhóithrín na smaointe agus ar an fiche bliain sin a bhí coacháil ar siúl i scoileanna na Gaeltachta, is iomaí beart a tháinig as.  Bhí an comórtas peile bliaintiúl idir na scoileanna ar siúl ar Pháirc an Chnoic.  Bhíodh na scoileanna móra ag imirt a chéile sa chomórtas A agus bhíodh na scoileanna laga ag imirt a chéile sa chomórtas B chun cothromaíocht a bheith ann.  Ní do na buachaillí amháin a bhí Pádraig ag freastal orthu agus bhí comórtas ann idir na cailíní chomh maith.  Thug na comórtais seo deis do na gasúir scoile casadh lena comhleacaí ó na ceantair éagsúla agus cairdeas a spreagadh a mhair le imeacht ama.  Níor cuireadh aon béim speisialta ar na gasúir éirimiúla ó thaobh an spóirt de mar ba mhar a chéanna iad ar fad do Phádraig agus thug an scéim oiliúna seo deis don dream a bhí ciúin, cúthaileach labhairt amach agus a bheith le cloisteáil mar bhí an teanga ar a dtoil acu.  Ní amháin go raibh na cainteoirí dúchais ag fáil tairbhe as ach bhíodar siúd a tháinig abhaile in ann feabhas a chur ar a cuid Gaeilge tré mheáin an spóirt mar nach raibh sé chom trom le obair ranga agus ba am spraoiúil a bhí ann dóibh.  Is deacair a mheas go díreach cén tionchar a bhí ag scéim peile Phádraig ar chur chun cinn an teanga i measc an óige ach is cinnte nach ar a leas a bhí sé.  Ceann de na rudaí is mó a thug an scéim seo do na gasúir scoile ná an féin-mhuinín a mhúscailt iontu agus bród as a teanga dúchais.  Ar ndóigh ní raibh Pádraig in ann é seo a dhéanamh leis féin ar fad agus tugann sé creidiúint do na múinteoirí scoile ar fad a d’oibrigh sé leo le linn an ama sin agus an ról tábhachtach a bhí acu sin ar fad chun an scéim a choinneáil ar siúl an achar agus a bhí.  Bhí suntas le tabhairt ar an méid gasúir a bhí mímhuinte, ní raibh mórán acu ann.  Má bhí gasúr dána, cuireadh isteach é nó í.  Buíochas le Dia, níor tharla sé seo ro-mhinic.  Ag fágáil go leathtaobh an tionchar a bhí ag an scéim seo ar an teanga, céard faoin tionchar a bhí aige ar peileadóirí óga na Gaeltachta a chuaigh ar aghaidh chun ionadaíocht a dhéanamh ag leibhéil níos airde.  Is fiú na gradam atá tagtha go Gaillimh sa tréimhse fiche bliain sin a lua ach go háirithe muintir na Gaeltachta páirteach iontu.  Sa tréimhse fiche bliain seo tá craobh sinsir na hÉireann tagtha go Gaillimh faoi dhó, 1998 agus 2001.  Tá craobh uile Éireann mionúir (1986) agus craobh uile Éireann Faoi 21 (2002) tugtha leo ag foirne na Gaillimhe.  Ní féidir dearmad a dhéanamh ar na mná ach an oiread agus tá craobh sóisir na hÉireann (2002) agus craobh shinsir na hÉireann bainte amach ag foirne na mban.  Nuair a dhéantar staidéar ar na imreoirí a bhí ar na foirne sin ar fad tabharfar suntas den méid acu a tháinig ó cheantar na Gaeltachta.  Caithfear staidéar a dhéanamh ar chomh maith agus a d’éirí leis na cumainn Gaeltachta le linn an ama seo.  Tá craobh sinsir an chontae buaite ag C.L.G. An Cheathrú Rua (1996) chomh maith le craobh mionúir A (2001).  Bhí craobh idirmheánach an chontae i seilbh Naomh Anna i 1995 agus bhíodar i gcluiche ceannais mionúir an chontae i 2002.  Chaith An Spidéal cúpla bliain ag imirt i ngrád na sinsir sa chontae ag deireadh na naochaidí agus ag tús an chéad.  Bhuaigh mná Naomh Anna dhá chraobh sinsir sa chontae (1994 agus 1995) agus d’éirí thar barr le foirne na Gaillimhe i gcomórtas peile na Gaeltachta i rith an ama sin nuair a thug An Cheathrú Rua leo an craobh sinsir i 1997 agus tá an gradam sóisear tugtha leo ag Micheál Breathnach faoi dhó agus ag Naomh Anna.  Clann Uí Challaráin ar an Spidéal, Paidí Ó Gríofa agus Dónal Ó Curraoin ar an gCnoc, Clann Uí Chonghaile, Micheál Chóilín agus Seán Mhaitiú ar an gCeathrú Rua, Micheál Ó Súilleabháin i Ros Muc, Tomás Ó Gríofa, Deaglán Ó Catháin agus na Breathnaigh, Fiachra agus Ferdia, seo ainmneacha a chloistear go rialta ar chláracha spóirt agus is imreoirí iad seo ar fad a raibh tionchar beag ag scéim peile Phádraig orthu.  Ní ionadh ar bith go bhfuil na beart seo ar fad bainte amach ag peileadóirí agus ag foirne na Gaeltachta agus an chabhair a thug an scéim peile seo le forbairt na himreoirí óga agus iad ag tosaigh amach ar an saol peile.

Ní féidir luach a chur ar na scileanna agus ar na buanna eile a fuair na gasúir óga ón scéim peile Phádraig ag am thar a bheith cinniúnach ina saol forbartha mar dhaoine.   Chuir sé lena tuiscint ar theanga, ar chultúr agus ar thraidisiúin agus thug sé féin-mhuinín agus mórtas dóibh féin agus do na scoileanna.