Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

BUA MIONÚIR - 2009

line decor
 
 
 
 

 

Cluiche ceannais Craobh Mionúir B an Iarthair 2009

Naomh Anna 2-15   An Clochán 1-6

Thug Naomh Anna leo Craobh Mionúir B an Iarthair den dara huair lena mbua slachtmhar ar Naomh Feichin, An Clochán ar Pháirc an Chnoic, Indreabhán.  Bhuaigh muid an chraobh seo cheana i 2001.

D’imir Naomh Anna i gcoinne na gaoithe sa gcéad leath ach b’iad ba thúisce a scóráil nuair a fuair Declan Mac Donnacha pointe tar éis dhá nóiméad imeartha.  Nóiméad ina dhiaidh sin, bhí an liathróid curtha san eangach ag Aonghus Ó Fátharta agus bhí leads na nOileán ceithre phointe chun cinn.  Chuir Colm Mac Donnacha cic ard isteach agus nuair a tháinig an liathróid anuas den phosta, ba é Aonghus ba sciobtha a bhí i ngreim sa pheil agus í báite san eangach aige.  Fuair Éanna Ó Catháin pointe sa seachtú nóiméad tar éis ruathar aonair suas an pháirc ón líne leathchúil agus bhí Naomh Anna sé phointe chun cinn tar éis deich nóiméad imeartha nuair a scóráil Declan a dhara pointe don fhoireann.  Faoin am seo, bhí an lámh in uachtar ag Naomh Anna ar fud na páirce agus bhí an chosúlacht ar an scéal go mbeadh bua éasca acu. Ach mar a tharlaíonn go minic i gcluichí mar seo, tagann an fhoireann a bhíonn thíos chucu féin agus tháinig feabhas ar leads óga Naomh Feichín.  Sa deich nóiméad láir den leath seo, scóráil An Clochán 3 phointe ó chiceanna saora agus d’fhreagair Naomh Anna an choimhlint sin le pointe a fuair Aonghus ó chic saor san ochtú nóiméad déag.  Ní raibh tada idir imirt na foirne sa deich nóiméad deiridh den chéad leath agus le bheith fireannach bhí An Clochán in uachtar ar fud na páirce ach san áit ba thábhachtaí, sa líne lántosach.  Is sa tréimhse seo a thaispeáin lánchúlaí Naomh Anna, Seán Ó Cuinn, an cumas iontach peile atá ann nuair a ghlan sé amach chuile liathróid a tháinig isteach ina threo.  Chuir leads thuaisceart Chonamara cheithre cinn ar an taobh mícheart de na postaí chomh maith.  Fuair An Clochán pointe eile as cic saor chúig nóiméad roimh leath ama agus d’fhreagair Ciarán Ó Súilleabháin é sin agus é ag cur ceithre phointe idir na foirne ag deireadh an chéad 30 nóiméad.  D’fhéadfadh scéal eile a bheith ann murach dhá shábháil iontach a rinne cúl báire Naomh Anna, Séamus Ó Domhnaill, sa dá nóiméad deiridh roimh leath ama, rud a choinnigh an scór ag 1-5 le 0-4 i bhfabhar Naomh Anna.

Thóg sé trí nóiméad den dara leath ar Naomh Anna sular bhfuair siad a gcéad scór - pointe ó chic saor Aonghus Uí Fhátharta.  Bhí dhá dheis ag An gClochán scór a fháil roimhe sin ach níor éirigh leo.  Nuair a tháinig beirt ó líne leathchúil Naomh Anna, Micheál Ó Cadhain agus Éanna Ó Catháin, aníos an pháirc agus scóráil siad dhá phointe as a chéile ní raibh aon dabht ag an am seo cé aige a mbeadh an bua sa chluiche seo.  Chuir sé sin Naomh Anna seacht bpointe chun cinn tar éis deich nóiméad isteach sa dara leath agus bhí leads na Gaeltachta in uachtar ar fud na páirce.  Bhí an liathróid ar fad ina seilbh acu anois agus tháinig pointí iontacha de thoradh na hoibre sin, ceann ó Liam Ó Máille, a thríú cic saor ó Aonghus, pointe ó Sheáinín Ó Flatharta agus dhá phointe ó Thomás Ó Murchú chun Naomh Anna a choinneáil chun tosaigh le 1-13 i gcoinne 0-4 tar éis fiche nóiméad imeartha.  Fuair An Clochán a gcéad scór den dara leath le pointe ó chic saor eile.  Ón gcic amach d’imir Naomh Anna an liathróid aníos an pháirc agus tar éis an-bhabhta pasála, chuir Ciarán Ó Súilleabháin an liathróid isteach ag Tomás Ó Murchú agus bháigh Tomás san eangach í chun an scór a chur ag 2-13 le 0-5. Ba chomhartha é den sárobair a rinne fir chúil Naomh Anna nach bhfuair An Clochán aon scór san imirt go dtí dhá nóiméad ó dheireadh na himeartha nuair a fuair siad cúl agus pointe chun cuma níos fearr a chur ar chlár na scór. Is ag Naomh Anna a bhí an focal deiridh le pointe ó Dhónal Ó Ráighne agus a dhara pointe ó Mhicheál Ó Cadhain chun an scór deiridh a fhágáil ag 2-15 le 1-6.

Bua éasca ag deireadh an lae do mhionúir Naomh Anna, ach bhí seansanna ag An gClochán cluiche níos dúshláine a imirt dá dtógfadh siad iad.  Is laoch a bhí i chuile dhuine a chuaigh chun páirce do Naomh Anna: Séamus Ó Domhnaill sa chúl, Fionn Ó Céide, Seán Ó Cuinn agus Colm Ó Flatharta sa líne lánchúil, na leathchúlaithe;  Micheál Ó Cadhain (0-2), Éanna Ó Catháin (0-2) agus captaein na foirne, Seán Breathnach. Bhí Colm Mac Donnacha agus Ciarán Ó Gríofa, a bhí i lár na páirce, an-láidir i rith an chluiche agus chuir siad neart liathróide isteach chuig na tosaithe Seán Ó Flatharta (0-1), Declan Mac Donnacha (0-2) agus Liam Ó Máille (0-1) ar an líne 40 méadar agus chuig Ciarán Ó Súilleabháin (0-1), Tomás Ó Murchú (1-2) agus Aonghus Ó Fátharta (1-3) sa líne lántosaí.  Rinne an cúigear fear ionaid a gcuid féin nuair a chuaigh siad chun páirce: Dónal Ó Ráighne (0-1), Dáithí Mac Donnacha, Micheál Ó Finneadha, Séamus Ó Flatharta agus Cian Ó Ceallaigh.  Bhí ról tábhachtach le plé ag Tomás Seoighe agus ag Caomhán Seoighe chomh maith, cé nár éirigh leo dul chun páirce sa gcluiche seo.  Ní féidir dearmad a dhéanamh ach an oiread ar an bpáirt a ghlac P.J. Ó Ceallaigh leis an bhfoireann a thabhairt chomh fada leis an gcluiche ceannais seo.  Tá P.J. i Meiriceá faoi láthair, ach tá súil againn go mbeidh sé sa mbaile in am do chluiche ceannais an chontae.

Tá creidiúint mhór ag dul don fhoireann bhainistíochta, Eoin agus Brian Ó Conghaile, Michael Paul Ó Ceallaigh agus Pádraig Bairéad, fear a bhí ina chaptaein ar an bhfoireann nuair a bhuamar Craobh Mionúir B an Iarthair i 2001.

 

Seimpiní Mionúir B an Iarthair 2009

Ar chúl: Brian Ó Conghaile, James Ó Flatharta, Tomás Seoighe, Tommy Murphy, Colm Ó Fátharta, Caomhán Seoighe, Declan Mac Donnacha, Dónal Reaney, Ciarán Ó Gríofa, Micheál Ó Finneadha, Micheál Ó Cadhain, Ciarán Ó Súilleabháin, Cian Ó Ceallaigh, Eoin Ó Conghaile, Éanna Ó Catháin agus Pádraig Bairéad

Chun tosaigh: Aonghus Ó Fátharta, Seán Ó Cuinn, David Mac Donnacha, James Ó Domhnaill, John Walsh (captaen), Colm Mac Donnacha, Fionn Ó Céide, Seáinín Ó Flatharta agus Liam Ó Máille

Seán Breathnach

Mary Clancy ag bronnadh Corn Phádraig Clancy ar Sheáin Breathnach. Ar dheis tá Máirtín Ó Curraoin, Rúnaí Coiste Peile an Iarthair