Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

DINNÉAR BLIANTÚIL 2004

line decor
 
 
 
 

Bhí os cionn 250 duine i láthair ag dinnéar bliantúil Chumann Peile Naomh Anna in Óstán an Dóilín ar an gCeathrú Rua ar an 29 Eanáir 2005 nuair a déanadh ceiliúradh ar dhá scór bliain ó bunaíodh an Cumann.  Ar na haíonna speisialta a bhí i láthair bhí na fir a d’imir ar an chéad fhoireann a chuaigh chun páirce thiar i 1964 agus bhí cuid acu ag breathnú chomh haclaí ar an oíche agus a bhíodar na blianta siar.  Déanadh bronnadh de phíosa criostal orthu agus labhair Nioclás Ó Conchubhair ar a chuimhní cinn ó na laethanta sin.  Cuireadh fáilte speisialta roimh an Athair Micheál Ó Flannabhara agus Seáinín Mhichael Mór Ó Conghaile.  Pádraig Ó Conghaile ag obair ar leabhar de stair an chumainn a fhoilsiú agus labhair seisean ar chuid de na scéalta a chuala sé agus é ag bailiú eolais.  Déanadh bronnadh speisialta ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamonn Ó Cuív as ucht an tacaíocht atá tugtha aige don chumann i rith na mblianta agus bhí dea-scéala ag an Aire chomh maith nuair a d’fhógair sé go raibh sé ag bronnadh deontas de €40,000 chun an pháirc traenála a thógáil.  I láthair freisin bhí Cathaoirleach Coiste Chontae na Gaillimhe, Proinsias DeBúrca chomh maith le Cathaoirleach agus Rúnaí Choiste Peile an Iarthair, Pádraig Mac Suibhne agus Máirtín Ó Curraoin, an Comhairleoir Connie Ní Fhátharta agus Paidí Ó Biaidh, ball tofa ar Bhord Údarás na Gaeltachta.  Chun aitheantas a thaispeáint do Filimine Ní Fhlatharta as an éacht a rinne sí le foireann sinsir ban na Gaillimhe i 2004 nuair a bhuaigh siad Craobh Chonnacht agus Craobh na hÉireann bhí Cathaoirleach Choiste Ban Chonnachta, Mary Quinn agus Cathaoirleach Choiste Ban na Gaillimhe, Benny Fahy, i láthair.  Déanadh bronnadh ar bhaill an chumainn a bhain clú agus cáil amach i 2004:- Filimine Ní Fhlatharta (Craobh Sinsir na hÉireann), Fiachra Breathnach (Foireann Faoi 17 na hÉireann agus Craobh Mionúir Chonnacht), Muiris Ó Loingsigh (Craobh Mionúir Chonnacht agus Craobh Chonnacht na gCeardscoileanna), Gearóid Ó Flatharta (Craobh Chonnacht na gCeardscoileanna), Ferdia Breathnach (Tedd Webb Faoi 16 agus Craobh Chonnacht na gCeardscoileanna), Sarah Ní Loingsigh (Sraith Chonnacht Faoi 12) agus Michael Bharry Ó Flatharta (Captaen Fhoireann Rugbaí na hÉireann).

Bronnadh gradam ar na peileadóirí bliana seo a leanas: Colm Mac Donnacha (Faoi 12), Seán Breathnach  (Faoi 13), Sinéad Ní Fhlatharta  (Cailíní Faoi 14), Ciarán Bairéad  (Faoi 14), Patrick Mark Ó Fátharta  (Faoi 15), David Mac Donnacha  (Faoi 16), Máirtín Ó Loingsigh  (Faoi 17), Maitiú Ó Gríofa (Mionúir), Noel Ó Ceallaigh  (Faoi 21), Micheál Ó Feinneadha (Sóisear C), Micheál Ó Curraoin (Sóisear A), Eileen Ní Loideáin (Na mná), Tomás Ó Gríofa (Idirmheánach), Máirtín Breathnach (Corn Chuimhneacháin Mhichael Mór) agus Joan Ní Fhlatharta (Pearsa na Bliana).

Is bliain bhrónach a bhí ann chomh maith agus labhair an Cathaoirleach, Máirtín Ó Conghaile, ar an tragóid a tharla i mí na Samhna nuair a bhásaigh Micheál Ó Loingsigh tar éis timpiste bóthair. Chuir sé fáilte roimh thuismitheoirí Mhichael, Mick agus Bridie, a pháirtnéir, Imelda, agus a dheartháir, Muiris.  Bhí Colm Ó Súilleabháin ón BSL i láthair chomh maith le corn 7-an-taobh a bhuaigh foireann Mhichael i rith na bliana agus labhair sé ar an gcomórtas 15-an-taobh nuair a roghnaíodh Michael mar imreoir an chomórtais, éacht ann féin nuair a chuimhnítear go raibh imreoirí den scoth mar pheileadóir sinsir na Gaillimhe, Pól Mac Fhlannacha ag imirt.  Ghuí an Cathaoirleach biseach sciobtha ar Mhicheál Ó Feinneadha a bhí san ospidéal tar éis timpiste bóthair chomh maith.

Bhí ceol ann le CILLÍN.

2005coiste 64foireann aoianna_filimine aonghus_paudie breathnaigh
brolly imreoiri_bliana caomhan_patrick cathaoirligh_runaithe ciaran_lucy
clann_phatsy coilinphatsy coilkelly colm_david connie_eamonn
feilim_joan joethomas john_seainin_pj josie_flannery leads_mharyned
loingsigh lynches_colm maher maher_colmsullivan mairead_sarah
mairin_josie mairin_nestor mairin_thomas mairtin_flannery maithreacha
mary_mike michaeltom mobiles padraickelly padraig_reaney
patcholmin realta_faoi12 realta_mna sally_michael seainin_flannery
thomas_dermot triona martin_john na_ciarain rose
caomhan_joan bridsonny conghaile david_paudie eileen_jamie
barrett ciaranbreathnach eibhlin_nichonghaile sarah_colm mairtin_triona
eileen_maire eileen_sinead