Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

DINNÉAR BLIANTÚIL 2012

line decor
 
 
 
 

Bhí slua beag i láthair ag an Dinnéar Bliantúil ar an 8 Nollaig Tigh Phlunkett. Bhí ceol ann le hAnn Marie agus Martin Joe. B'é an Comhairleoir Contae agus iar-imreoir an chumainn, Seosamh Ó Laoi agus an Teachta Dála Éamon Ó Cuív a bhí mar aíonna speisialta. Ghlac Cathaoirleach an Chumainn, Caoimhín Ó Fátharta, buíochas leis na daoine ar fad a chuidigh leis an gCumann i rith na bliana, ina measc na foirne lotto, na foirne peile - bainisteoirí, roghnóirí agus imreoirí, an coiste, Pádraig Antaine Ó Laoi as a chuid urraíocht agus go mór mór an pobal, a cheannaíonn na ticéid Lotto, an Last Man Standing agus a thacaigh le himeachtaí eile a reachtáileadh i rith na bliana. Labhair sé faoin mbróno a bhí sa gCumann le bás an tiar-uachtaráin, Tomás Mac Eochagáin. Dúirt sé go raibh Thomas mar ambasadór an Chumainn leis na mblianta agus go raibh aithne agus meas air ar fud an chontae.

Bronnadh na gradaim ar imreoirí na bliana.

    Sinéad Ní Cheallaigh
 

Uachtarán an Chumainn, Michael Tom Ó Cualáin ag bronnadh imreoir Faoi 18 na Bliana ar Áine Ní Laoi

 

 

Michael Tom Ó Cualáin ag bronnadh imreoir Ban na Bliana
ar Shinéad Ní Cheallaigh

 

  Evan Ó Flatharta   Dónal Ó Ráighne
 

Michael Tom Ó Cualáin ag bronnadh Mionúir na Bliana
ar Evan Ó Flatharta

 

 

Michael Tom Ó Cualáin ag bronnadh imreoir Faoi 21 na Bliana
ar Dhónal Ó Ráighne

 

  Micil Pháidín   Stephen Anthony
 

Michael Tom Ó Cualáin ag bronnadh imreoir Sóisear C na Bliana ar Mhicil Pháidín Ó Curraoin

 

 

Michael Tom Ó Cualáin ag bronnadh imreoir Sóisear A na Bliana
ar Stiofán Antaine Mac Donnacha

 

  Thomas Griffin   Declan Murphy
 

Michael Tom Ó Cualáin ag bronnadh imreoir Sinsir na Bliana
ar Thomáis Ó Gríofa

 

 

Seosamh Ó Laoi ag bronnadh Pearsa na Bliana 2012 ar Declan Ó Murchú

 

 
Éamon, Máirín & Barry
 

An Teachta Dála Éamon Ó Cuív ag bronnadh Corn Mhichael Mhóir 2012 ar Mháirín agus Barry Ó Flatharta