Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

STAIR - na 1930aidí

line decor
 
 
 
 

Bhí foireann peile nó cumann i dTír an Fhia sna tríochaidí ach ní raibh siad cláraithe le Cumann Lúthchleas Gael.  Théadh an fhoireann seo ag imirt cluichí in áiteanna chomh fada soir le Ros a'Mhíl. Bhí an saol go bocht ag an am agus ba bheag bealach taistil a bhí ar fáil sna laethanta úd ach amháin an rothar.   Ba mhinic beirt agus triúr báireoirí ag taisteal ar aon rothar amháin.   Boinn chrua a bhíodh ar na rothair ag an am agus bhí aclaíocht choirp thar an gcoitiantacht dá chleachtadh ag na fir dá dtuigfidís é.  Tar éis cluiche théidís isteach Tigh Terry agus bhainidís tart an lae díobh féin.  Thugaidís a n-aghaidh arís ar Cheantar na nOileán san ardtráthnóna, turas a bhí suas le dó dhéag nó trí déag de mhílte bealaigh.

Is beag caint a bhí ar fheisteas peile an t-am sin.  Ar aon ócáid amháin bheartaigh an fhoireann crannchur a reachtáil chun airgead a bhailiú chun bróga peile a cheannach. Ba bhosca ceoil nó "melodeon" a bhí beartaithe mar dhuais ar an gcrannchur.  Ní raibh aon airgead acu chun an bosca ceoil a cheannach nó go mbeadh na ticéid díolta.  Sé pingine an ceann a bhí ar na ticéid ach ba é an deireadh a bhí ag an gcrannchur ná nach raibh a ndóthain airgid acu ó dhíolachán na dticéad ach chun trí phéire déag bróg a cheannach agus níor facthas an bosca ceoil riamh.  Ba faoi choinníollacha den chineál sin a d'imir fir óga na nOileán peil sna tríochaidí.  Ar chuid de na fir úd bhí:

Josie Joe Ó Laoi

Ciarán Festy Ó Fátharta

Michael Mór Ó Conghaile

Clann Phatch Mháirtín Ó Finneadha

Pat Mhaitias Uí Mháille     

Tom Joe Ó Laoi

Pádraig Ó Conghaile

Ba mhinic na fir seo ag imirt thoir ar an gCanal i Ros a'Mhíl agus i gcomórtas a bhí ar siúl ag an am ar a dtugtaí Comórtas an Athar Donnelly.   Bhuaigh an fhoireann seo an Corn sin agus d'fhan Corn an Athar Donnelly ag foireann Thír an Fhia sa deireadh.  Ba é Michael Mór Ó Conghaile captaen na foirne agus d'fhan an corn ag Michael Mór ar feadh blianta ina dhiaidh nó gur bhronn seisean é ar chomórtas a bhíodh idir na scoileanna beaga sa gceantar ag tráth den saol a mbíodh coirn do chomórtais gann.  Bhí foirne as Camus, An Spidéal, Tulach, Ros a'Mhíl, An Cheathrú Rua agus Leitir Móir sa gcoimhlint do Chorn an Athar Donnelly sna blianta úd.