Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

STAIR - Ag Imirt le Cois Fharraige

line decor
 
 
 
 

Ag deireadh na dtríochaidí bunaíodh Cumann Peile Chois Fharraige.  Roghnaíodh triúr peileadóirí as Ceantar na nOileán chun imirt ar an bhfoireann sin.  B'shin iad Josie Joe Ó Laoi, Michael Mór Ó Conghaile agus Ciarán Festy Ó Fátharta.

Ba mhinic an fhoireann seo ag imirt i gCathair na Gaillimhe agus níos faide ó bhaile.  Bhí Michael Mór ina thiománaí leoraí ag Risteárd Ó Tuathail, trádálaí agus fear gnó a bhí i Leitir Móir ag an am, agus ba mhinic an leoraí sin ina dheis taistil ag foireann Chois Fharraige chuig go leor cluichí.  Níor éirigh leis an bhfoireann sin riamh Corn Bhord an Iarthair a bhaint amach.  Ina dhiaidh sin scoilteadh foireann Chois Fharraige ina dhá cuid de réir ceantar.  B'shin iad:

Cumann Mhicheál Breathnach - ón Tulach soir

Cumann Cholmcille - ón Tulach anoir

D'fhág sin fir na nOileán faoi Chumann Cholmcille.

Le linn an chogaidh mhóir  1939-1945 de bharr peitreal a bheith gann tháinig laghdú mór ar an líon cluichí peile a bhí á n-imirt.  Tharraingíodh bus de chuid Chóras Iompar Éireann na foirne peile ag cluichí scaití i dtús an chogaidh ach d'éirigh an chiondáil níos géire agus éiríodh as an tseirbhís. Bhíodh bus príobháideach le Ferguson as Uachtar Ard ag freastal dóibh ina dhiaidh sin ach ní thagadh an bus sin thar Dhoire an Fhia agus bhíodh ar bháireoirí na nOileán rothaíocht chomh fada le Doire an Fhia agus ar ais abhaile arís tráthnóna tar éis an chluiche.   Sa deireadh b'éigean dóibh géilleadh de bharr ganntan peitril agus cruatan an chogaidh.

Thit an tóin as cúrsaí peile i gCeantar na nOileán go ceann blianta fada ina dhiaidh sin.  Bhí an imirce tréitheach.  Bhí na daoine óga ag plódú an bháid bháin tar éis an chogaidh agus ní mórán spéise ná deis a bhí sa gceantar do chúrsaí peile (cé is moite den suim fholaigh sin a bhí fágtha sna seanfhondúirí) go dtí gur bunaíodh Cumann Peile Naomh Anna i 1964.