Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

STAIR - An Móinín Bán, Leitir Caladh

line decor
 
 
 
 

Tá an Móinín Bán suite i Leitir Caladh, ó thuaidh de bhóthar an chriathraigh, taobh le garrantaí Lad Mháire Mheiriceá agus ó dheas de bhóthar Leitir Caladh ó Thuaidh.  Áit réasúnta cothrom is ea an Móinín Bán agus bhí an píosa seo feiliúnach mar pháirc imeartha nó báire a imirt uirthi. Bhíodh dhá liathróid acu, ceann déanta as leathar agus ceann eile a bhí déanta as tarra agus fionnadh bó agus mugall déanta de shnáth timpeall orthu.  Bhí cáil ar Pheadairín an Fhíodóra gurbh é an déantóir báire a b’fhearr sa gceantar é, go ndéana Dia grásta ar a anam.

Tráthnóna Dé Domhnaigh a d’imrítí cluiche báire ar an Móinín Bán.  Bhailíodh gasúir agus fir óga an bhaile ar an bpáirc i gcomhair cluiche.  Bhíodh pingin ina lámh ag duine amháin agus bhíodh ar dhuine (agus a shúile dúnta) an lámh ceart a phiocadh le go mbeadh an lá leat agus b’shin é an bealach ar roghnaíodh foireann. Is iondúil go mbíodh slua ann agus go bpiocfaí foirne le hochtar, deichniúr agus fiú amháin dhá dhuine dhéag ag brath ar an slua a bheadh i láthair.  Bhíodh na buachaillí óga ag imirt cosnochta agus bhíodh na fir óga ag caitheamh bróga táirní.  Is iondúil go mbíodh treabhsar bréidín agus cóta fláinín orthu. 

Is iomaí foirne a thagadh ag imirt ar an Móinín  Bán ó Ros a’ Mhíl, ón gCeathrú Rua agus bhíodh muintir Chill Chiaráin ag teacht aniar trasna an chuain agus ag teacht i dtír i gCrompán Aill a’ Rainn nó i gCéibh Leitir Caladh.   B’é Micheál an Lad a bhíodh sa gcúl ag an am agus is iomaí sábháil bhreá a rinne sé. D’imrítí cluiche eile freisin, bualadh boc leis an liathróid – chaití an liathróid as do lámh agus bheadh duine eile ag iarraidh í a bhualadh le slis.  Bhí an cluiche seo cosúil le cluiche “baseball” Mheiriceá.

Rinneadh go leor obair chothabhála ar an bpáirc nuair a bhí sí i mbarr a réime – is minic a bhaintí scrathacha ar thaobh an bhóthair leis na poill a líonadh a bhíodh tollta ag beithigh a bhíodh ag rith le fíbín inti.  Ní raibh fál ar an Móinín Bán agus níl inniu ach oiread. Cé go raibh na sluaite ag triall ar an bpáirc fadó, tháinig meath agus léig ar bháire ar an Móinín Bán.  D’imigh go leor daoine thar sáile ag lorg oibre agus cuid eile ag spailpínteacht ar fud na tíre.  Tosaíodh ag baint scrathacha agus móin ar an Móinín Bán freisin, rud a d’fhág nach raibh sí feiliúnach mar pháirc báire níos mó.

Níl fanta ach cuimhní cinn ar eachtaí móra an Mhóinín Bháin anois.   Tá an pháirc ciúin anois, ach cá bhfios duit nach bhfilleann spiorad uasal na bpeileadóirí le cluiche báire a imirt i suaimhneas na hoíche faoi sholas gealaí?

Píosa a scríobh Séamus Ó Ráinne